An difríocht idir athruithe ar: "Spás-am"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'De réir teoiric na coibhneasachta speisialta, tá comhghaol idir na toisí spásúla — fad, leithead is airde — agus am. Sloin...'
 
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is éard atá sa '''spás-am''' comhnascadh an spáis agus an ama mar aonán matamaiticiúil agus fisiciúil. Taispeánann cothromóidí na coibhneasachta go gcaithfear comhordanáidí teagmhais a mheascadh le chéile chun cuntas cruinn a thabhairt ar an rud a fheicimid.
De réir [[Teoiric choibhneasachta Einstein|teoiric na coibhneasachta speisialta]], tá comhghaol idir na toisí spásúla — fad, leithead is airde — agus am. Sloinntear an teoiric sna 4 chomhordanáid nó thoise seo. Braitheann ráta imeacht an ama ar ghluaisne an bhrathadóra. Dealraíonn clog atá faoi ghluaiseacht a bheith ag rith níos moille ná clog atá ar fos. Is féidir go bhfeicfidh brathadóir amháin dhá eachtra mar rudaí comhuaineacha, ach nach bhfeicfidh brathadóir atá faoi ghluaiseacht mar sin iad in aon chor. De réir na teoirice seo, ní dearbhthoise aon cheann den 4 thoise. De réir mar a mhéadaíonn luas réada, is amhlaidh a chrapann na toisí spásúla. Ní fiú trácht ar na hiarmhairtí seo ach amháin nuair a bhíonn luas réada gar do luas forleata an [[Solas|tsolais]].
 
De réir [[Teoiric choibhneasachta Einstein|teoiric na coibhneasachta speisialta]], tá comhghaol idir na toisí spásúla — fad, leithead is airde — agus am. Sloinntear an teoiric sna 4ceithre chomhordanáid nó thoise seo. Braitheann ráta imeacht an ama ar ghluaisne an bhrathadórabhreathnóra. Dealraíonn clog atá faoi ghluaiseacht a bheith ag rith níos moille ná clog atá ar fos. Is féidir go bhfeicfidh brathadóirbreathnóir amháin dhá eachtra mar rudaí comhuaineacha, ach nach bhfeicfidh brathadóirbreahnóir atá faoi ghluaiseacht mar sin iad in aon chor. De réir na teoirice seo, ní dearbhthoise aon cheann dende 4na cheithre thoise. De réir mar a mhéadaíonn luas réada, is amhlaidh a chrapann na toisí spásúla. Ní fiú trácht ar na hiarmhairtí seo ach amháin nuair a bhíonn luas réada gar do luas forleata an [[Solas|tsolais]].
 
Sa bhliain 1906, beagán tar éis gur fhoilsigh [[Albert Einstein]] teoiric na coibhneaschta, nocht a iarmhúinteoir Hermann Minkowski bealach nua chun machnamh a dhéanamh ar an spás agus ar an am, bealach a chuir treise ar airíonna céimseatúla. Air seo a thugtar spás-am.
Toisc gur trí thoise atá sa spás agus gur toise amháin atá san am, ní foláir don spás-am a bheith ceathairthoiseach. Creidtear gur “contanam” é toisc, go bhfios dúinn, nach bhfuil aon phointí in easnamh ar an spás ná aon mheandair in easnamh ar an am agus gur féidir iad beirt a fhoroinnt dá bharr gan aon teorainn lena méid ná lena fad. Dá bhrí sin, is gnách le fisicithe glacadh leis go bhfuil an domhan neadaithe sa chontanam sin agus gur féidir cur síos ar gach teagmhas agus gach áit de réir mar a bhfuil siad le fáil sa spás-am.<ref> Dr. Sten Odenwald, ’What is a space time continuum?’: http://einstein.stanford.edu/content/relativity/q411.html</ref>
 
Ní dhéanann an spás-am éabhlóid; tá sé buan ann féin. Nuair a scrúdaítear rud i bhfianaise an spás-ama, tá gach cáithnín den rud sin le fáil ar a dhomhanlíne. Sin líne atá ag síneadh ón am atá caite go dtí an t-am atá le teacht agus a thaispeánann an áit a bhfuil an cáithnín gach meandar. Má éirionn leat domhlíne iomlán cáithníní a dhéanamh amach ó na fórsaí atá ag dul i bhfeidhm air, beidh a stair iomlán soiléirithe agat. Ní athraíonn an domhanlíne le himeacht aimsire ach fanann go socair mar atá sí.<ref> Dr. Sten Odenwald, ’What is a space time continuum?’: http://einstein.stanford.edu/content/relativity/q411.html</ref>
 
===Coincheap matamaiticiúil===
 
San ''Encyclopédie'', sa mhír ‘Dimension,’ dúirt [[Jean le Rond d'Alembert]] go bhféadfaí a rá go raibh an t-am ina cheathrú toise.<ref>Jean d’Alembert, ‘Physique , Géométrie,’ ''Encyclopédie dirigée par Diderot & d'Alembert'' (1751-1765): ‘Un homme d'esprit de ma connoissance croit qu'on pourroit cependant regarder la durée comme une quatrieme ''dimension'', & que le produit du tems par la solidité seroit en quelque maniere un produit de quatre ''dimensions''; cette idée peut être contestée, mais elle a, ce me semble, quelque mérite, quand ce ne seroit que celui de la nouveauté.’ http://www.lexilogos.com/encyclopedie_diderot_alembert.htm</ref>
Dúirt [[Joseph Louis Lagrange]] sa ''Traité des fonctions analytiques '' (1797, 1813) gurbh fhéidir an mheicnic a mheas mar chéimseata ceithre thoise agus anailís mheicniúil mar leathnú anailíse céimseatúla.<ref>R.C. Archibald (1914) [http://projecteuclid.org/DPubS?verb=Display&version=1.0&service=UI&handle=euclid.bams/1183422749&page=record ''Time as a fourth dimension''] ''Bulletin of the American Mathematical Society 20:409.</ref>
 
De réir a chéile tugadh cuntas matamaiticiúil ar an gcosmas le cothromóidí difreálacha, le céimseata dhifreálach agus le hailgéabar teibí. Tháinig borradh faoin obair sa 19ú haois agus an teicneolaíocht leictreach ag gríosú leithéidí [[Michael Faraday]] agus [[James Clerk Maxwell]] chun cur síos ar an ngaol deilíneach idir réimsí leictreacha agus réimsí maighnéadacha. Shíl Maxwell go raibh an dá réimse seo ina réimse leictreamaighnéadach. Tá luach ag na réimsí sin ag gach pointe sa spás-am. Tá struchtúr an spás-ama ag brath ar mheascadh comharthaí leictreacha agus maighnéadacha. Cinntíonn ráta gluaisne breathnóra go háirithe proifílí leictreacha agus maighnéadacha an réimse leictreamaighnéadaigh. Tá leathnú an réimse taobh leis an gcothromóid toinne leictreamaighnéadaí, rud nach foláir spás-am chuige.
 
Cuireadh síos ar an spás-am mar spás fineach le cruth cuadratach i spás Minkovski sa bhliain 1908.<ref>Minkowski, Hermann (1908), ‘Raum und Zeit,’ ''Physikalische Zeitschrift'', iml. 10, lgh 75–88.</ref><ref> I spás fineach níl aon phointe ar leith a n-eascródh rud eile uaidh. Dá bhrí sin, níl bunús suite le haon veicteoir agus níl baint ar leith ag aon veicteoir le pointe.</ref>
 
Sa bhliain 1914 bhain [[Ludwik Silberstein]] feidhm as décheathairnín chun teagmhais i spás Minkovski a léiriú . Chomh maith leis sin, léirigh sé na [[Hendrik Lorenz|claochluithe Lorentz]] idir breathnóirí faoi luasanna difriúla mar léarscáilithe décheathairnín.<ref>Tá claochlaithe Lorentz (a chum an fisicí Ollannach Hendrik Lorentz) ag cur leis an g[[Teoiric choibhneasachta Einstein|coibhneasacht speisialta]], ach léiríodh é roimh an gcoibhneasacht speisialta. Taispeánann na claochluithe cén bhaint atá idir tomhaiseanna spáis agus ama a dhéanann beirt bhreathnóirí difriúla. Féadann breathnóirí atá ag imeacht faoi luasanna difriúla faid, amanna caite agus oird imeachtaí a thomhas le torthaí difriúla.</ref>
 
Chuir [[W.R. Hamilton]] síos ar dhécheathairnín sa bhliain 1853, rud a d’fhág go raibh eolas maith ar mhatamaitic dá leithéid agus go raibh baint ag an gcoibhneasacht leis an matamaitic fheidhmeach. Ba é [[William Kingston Clifford]] ba thúisce a chuir an choibhneasacht ghinearálta sa spás-am in iúl,<ref>Dúirt sé sa bhliain 1870 nach bhfuil sa damhna ach léiriú ar chuaradh in ilfhillteán spás-ama.</ref>
 
B’fhusa tionchar na himtharraingthe ar an am agus ar an spás a shamhlú mar “fhreangadh” nó shíneadh i bhfabraic chéimseatúil an spáis agus an ama, rud a bhí réidh agus leanúnach.
 
== An spás-am sa choibhneasacht ghinearálta ==
 
Déantar talamh slán de maidir leis an gcoibhneasacht ghinearálta go bhfuil an spás-am cuartha ag an damhna (fuinneamh). Is féidir cuar am-dhealraitheach a thuiscint mar cheann mar a bhfuil an t-eatramh idir dhá theagmhas atá an-ghar dá chéile am-dhealraitheach, agus is mar an gcéanna ag chuair sholas-dealraitheacha agus spás-dealraitheacha é.
 
Cuar am-dhealraithitheach i gcónaí domhanlíne ruda atá níos moille ná an solas, cuar solas-dealraitheach domhanlíne cháithnín gan mhais fearacht fótóin, agus b’fhéidir gur cuar spás-dealraitheach í domhanlíne thaiceoin, cáithnín hipitéiseach.<ref> Cáithnín hipitéiseach taiceon agus é ag imeacht níos luaithe ná an solas. is dóigh le bunús na bhfisicithe nach bhfuil a leithéid ann toisc go sáródh sé dlíthe na fisice.</ref>
 
==Spás-am candamaithe==
 
Sa choibhneasacht ghinearálta déantar talamh slán de go bhfuil an spás-am réidh agus leanúnach. Cuireann an mheicnic chandamach in iúl go bhfuil na cáithníní fite fuaite san fhisic. Nuair a dhéantar iarracht ar an dá theoiric seo a thabhairt le chéile, deirtear uaireanta gur ceart go mbeadh an spás-am candamaithe ar an scála is lú.
 
==Tagairtí==
 
{{reflist}}
 
==Foilseacháin==
 
* Ehrenfest, Paul (1920). "How do the fundamental laws of physics make manifest that Space has 3 dimensions?" ''Annalen der Physik 366'': 440.
 
* George F. Ellis agus Ruth M. Williams (1992). ''Flat and curved space–times''. Oxford University Press. ISBN 0-19-851164-7
 
* Lorentz, H. A., Einstein, Albert, Minkowski, Hermann]] agus Weyl, Hermann (1952). ''The Principle of Relativity: A Collection of Original Memoirs''. Dover.
 
* Lucas, John Randolph (1973). ''A Treatise on Time and Space''. London: Methuen.
 
{{Fréamh an Eolais}}
 
{{síol}}
[[Catagóir:Coibhneasacht]]