Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

No change in size, 4 bliana ó shin
Sa Nua-Shéalainn, arís, tá tábhacht nach beag leis an teanga Maori, arb í teanga na mbundúchasach í, cé go bhfuil na Maori féin go mór mór faoi chois sa tsochaí i gcónaí. Úsáidtear focail as an teanga seo sa Bhéarla áitiúil cosúil leis an dóigh a mbíonn Éireannaigh ag tarraingt chucu focail Ghaeilge, fiú mura bhfuil an Ghaeilge féin acu.
 
== Cialla eile an fhocail "béarlaBéarla" sa Ghaeilge ==
 
Úsáidtear an focal '''béarla''' i litríocht na Gaeilge, freisin, le tagairt do theangacha nó do chanúintí a bhí in Éirinn i bhfad sular tháinig na Sasanaigh i dtír in Éirinn; mar shampla, bhíodh caint ar "Bhéarla na Midhe". Is féidir don fhocal sin tagairt don Ghaeilge féin: is ionann an Ghaeilge agus an ''Scotbhéarla''. Más gá an Béarla a aithint thar na "béarlaí" eile, is féidir '''Sacs-Bhéarla''' a thabhairt air. An duine atá eolach ar go leor teangacha, is féidir "saoi sna hilbhéarlaí" a thabhairt air, cé go bhfuil sé níos coitianta a rá, inniu, go bhfuil "na seacht dteangacha" aige.
85,136

edits