An difríocht idir athruithe ar: "Spás-am"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is éard atá sa '''spás-am''' comhnascadh an spáis agus an ama mar aonán matamaiticiúil agus fisiciúil. Taispeánann cothromóidí na coibhneasachta go gcaithfear comhordanáidí teagmhais a mheascadh le chéile chun cuntas cruinn a thabhairt ar an rud a fheicimid.
 
De réir [[Teoiric choibhneasachta Einstein|teoiric na coibhneasachta speisialta]], tá comhghaol idir na toisí spásúla — fad, leithead is airde — agus am. Sloinntear an teoiric sna ceithre chomhordanáid nó thoise seo. Braitheann ráta imeacht an ama ar ghluaisne an bhreathnóra. Dealraíonn clog atá faoi ghluaiseacht a bheith ag rith níos moille ná clog atá ar fos. Is féidir go bhfeicfidh breathnóir amháin dhá eachtra mar rudaí comhuaineacha, ach nach bhfeicfidh breahnóirbreathnóir atá faoi ghluaiseacht mar sin iad in aon chor. De réir na teoirice seo, ní dearbhthoise aon cheann de na cheithre thoise. De réir mar a mhéadaíonn luas réada, is amhlaidh a chrapann na toisí spásúla. Ní fiú trácht ar na hiarmhairtí seo ach amháin nuair a bhíonn luas réada gar do luas forleata an [[Solas|tsolais]].
 
Sa bhliain 1906, beagán tar éis gur fhoilsigh [[Albert Einstein]] teoiric na coibhneaschta, nocht a iarmhúinteoir [[Hermann Minkowski]] dearcadh nua i leith an spáis agus an ama, dearcadh a chuir treise ar airíonna céimseatúla. Tugtar spás-am air seo.
Líne 16:
De réir a chéile tugadh cuntas matamaiticiúil ar an gcosmas le cothromóidí difreálacha, le céimseata dhifreálach agus le hailgéabar teibí. Tháinig borradh faoin obair sa 19ú haois agus an teicneolaíocht leictreach ag gríosú leithéidí [[Michael Faraday]] agus [[James Clerk Maxwell]] chun cur síos ar an ngaol deilíneach idir réimsí leictreacha agus réimsí maighnéadacha. Shíl Maxwell go raibh an dá réimse seo ina réimse leictreamaighnéadach. Tá luach ag na réimsí sin ag gach pointe sa spás-am. Tá struchtúr an spás-ama ag brath ar mheascadh comharthaí leictreacha agus maighnéadacha. Cinntíonn ráta gluaisne breathnóra go háirithe proifílí leictreacha agus maighnéadacha an réimse leictreamaighnéadaigh. Tá leathnú an réimse taobh leis an gcothromóid toinne leictreamaighnéadaí, rud nach foláir spás-am chuige.
 
Cuireadh síos ar an spás-am mar spás fineach le cruth cuadratach i spás Minkovski sa bhliain 1908.<ref>Minkowski, Hermann (1908), ‘Raum und Zeit,’ ''Physikalische Zeitschrift'', iml. 10, lgh 75–88.</ref><ref> I spás fineach níl aon phointe ar leith a n-eascródh rud eile uaidh. Dá bhrí sin, níl bunús suite le haon veicteoir agus níl baint ar leith ag aon veicteoir le pointe áirithe.</ref>
 
Sa bhliain 1914 bhain [[Ludwik Silberstein]] feidhm as décheathairnín chun teagmhais i spás Minkovski a léiriú . Chomh maith leis sin, léirigh sé na [[Hendrik Lorenz|claochluithe Lorentz]] idir breathnóirí faoi luasanna difriúla mar léarscáilithe décheathairnín.<ref>Tá claochlaithe Lorentz (a chum an fisicí Ollannach Hendrik Lorentz) ag cur leis an g[[Teoiric choibhneasachta Einstein|coibhneasacht speisialta]], ach léiríodh é roimh an gcoibhneasacht speisialta. Taispeánann na claochluithe cén bhaint atá idir tomhaiseanna spáis agus ama a dhéanann beirt bhreathnóirí difriúla. Féadann breathnóirí atá ag imeacht faoi luasanna difriúla faid, amanna caite agus oird imeachtaí a thomhas le torthaí difriúla.</ref>