An difríocht idir athruithe ar: "Gaeil"

Content deleted Content added
Lotje (plé | dréachtaí)
<ref></ref>
Líne 20:
 
==== Manainn ====
Sa ré Mhéasailiotach a tháinig na chéad daoine chun Oileán Mhanann, agus lean feirmeoirí iad sa ré Neoiliotach, mar a tharla in Éirinn. Tháinig an t-athrú céanna ar na tuamaí agus eile de réir na tréimhse. B'fhéidir gur ón mBreatain a tháinig na chéad fheirmeoirí, ach meastar gur tháinig dream nua isteach ó Éirinn timpeall 700 AD, rud atá le haithint ar na hinscríbhinní oghaim. [[Íomhá:Isle of Man Peel Castle.jpg|thumb|[[Caisleán na hInse, Manainn]].]]
[[Íomhá:Isle of Man Peel Castle.jpg|right|250px|thumb|[[Caisleán na hInse, Manainn]].]]
 
Maidir le cúrsaí teanga, is féidir na Manannaigh a áireamh ar na Gaeil. Bhí an teanga Ghaeilge acu ón 8ú haois amach, agus mhair sí fiú tar éis theacht agus lonnú na Lochlannach. Bhí sí láidir go leor mar theanga phobail chomh déanach leis an 18ú haois.
 
==== Albain ====
[[Íomhá:Alexander III and Ollamh Rígh.JPG|thumb|left|300px|Corónú Alasdar III na hAlban i Sgàin ar 13 Iúil 1249. Tá an ''ollamh rígh'' ag beannú dó agus é ag rá: "Benach De Re Albanne" (''Beannachd Dé Rígh Alban''). Ansin ríomhann sé ginealach an Rí.]]
 
P-Cheiltis a bhí á labhairt i ndeisceart na tíre le linn na Rómhánach, agus glacann a lán scoláirí leis gur theanga P-Cheiltise í an [[na Cruithnigh|Phiochtais]] a bhí á labhairt sa tuaisceart sa luathmheánaoiseanna. Bunaíodh Ríocht na bPiochtach roimh an 6ú haois AD agus mhéadaigh de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge, [[Lochlainnis]] agus Béarla (san oirdheisceart) le cloisteáil ann.
[[Íomhá:Alexander III and Ollamh Rígh.JPG|thumb|left|300px|Corónú Alasdar III na hAlban i Sgàin ar 13 Iúil 1249. Tá an ''ollamh rígh'' ag beannú dó agus é ag rá: "Benach De Re Albanne" (''Beannachd Dé Rígh Alban''). Ansin ríomhann sé ginealach an Rí.]]
 
Ba í an Ghaeilge teanga Dhál Riada, ríocht Ghaelach a bhí le fáil in Earra-Ghaidheal in oirdheisceart na tíre timpeall an 4ú haois AD. Is léir go raibh Éireannaigh á bhfódú féin ann, agus déarfadh scoláirí éigin go raibh Gaeilge á labhairt ann i bhfad roimhe sin.<ref>A mhalairt de bharúil atá ag Dillon agus ag Chadwick.</ref> Leathnaigh an teanga leis an gCríostaíocht agus ghéill an Phiochtais de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge á labhairt sa chuid ba mhó den tír. Ach bhí limistéar an Bhéarla ag méadú agus nósanna nua ag teacht isteach: cuireadh an feodachas agus na chéad bhailte móra cairte ar bun, agus tháinig uasalaicme nua isteach - ridirí agus eaglaisigh Fhrancacha agus Angla-Fhrancacha. Is dócha, freisin, go raibh an dátheangachas ag éirí coitianta i gceantair an oirthir agus go raibh buntáiste na cumhachta ag an mBéarla. Faoin 13ú haois bhí an Ghaeilge ag cúlú; bheadh na ''Gàidheil'' le fáil thiar feasta, sna [[Garbhchríocha]], in [[Inse Gall]] agus feadh Mhaol na nGall.
Líne 35:
 
==== Na hÉireannaigh ====
Sa bhliain 2006 ba í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail agus an tí ag 3% den daonra. <ref>Government of Ireland, {{PDFlink|[http://www.pobail.ie/en/IrishLanguage/StatementontheIrishLanguage2006/file,7802,en.pdf Statement on the Irish Language 2006]|919 KB}}. Aimsíodh ar 21 Eanáir 2008 le haghaidh [[Irish Language]].</ref> (4,422,100 duine a bhí ina gcónaí in Éirinn sa bhliain 2008).<ref>[http://www.cso.ie/releasespublications/documents/population/current/popmig.pdf CSO Ireland - April 2008 Population Estimates]</ref> Meastar go bhfuil idir 20,000 agus 80,000 cainteoir dúchais ann (cé go mbeadh a bhformhór meánaosta nó ina seandaoine).<ref>[http://www.helsinki.fi/~tasalmin/europe_report.html#IGaelic Endangered languages in Europe: report]</ref><ref>{{cite book |title=Linguistic Minorities in Multilingual Settings: Implications for Language Policies |last=Christina Bratt Paulston |publisher=J. Benjamins Pub. Co |page=81}}</ref><ref>{{cite book |title=Irish Writing in the Twentieth Century |last=Pierce |first=David |year=2000 |publisher=Cork University Press |page=1140}}</ref> <ref>{{cite journal |last=Ó hÉallaithe |first=Donncha |authorlink= |coauthors= |year=1999 |month= |title= |journal=Cuisle |volume= |issue= |pages= |id= |url= |accessdate= |quote= }}</ref> Sa bhliain 2007 mheas an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go raibh timpeall 17,000 duine le fáil i gceantair mar a raibh neart Gaeilge á húsáid.<ref>[http://www.oceanfm.ie/onair/donegalnews.php?articleid=000002629 Welcome to Ocean fm<!-- Bot generated title -->]</ref> Ach tá an meath ar siúl sa [[an Ghaeltacht|Ghaeltacht]] gan stad fiú ó bunaíodh an Stát – ó 250,000 cainteoir líofa sa Ghaeltacht ansin go dtí timpeall 30,000 anois (má tá a líon chomh mór sin féin).
 
Lasmuigh den Ghaeltacht bhí an Stát ag brath ar na scoileanna riamh chun ‘Gaeil Nua’ a dhéanamh. Theip air sin; tá daltaí na hÉireann ag foghlaim Gaeilge de dheoin nó d’ainneoin le timpeall seachtó bliain, agus gan ach Béarla ag a bhformhór mór tar éis an tsaoil. Le tamall de bhlianta anuas, áfach, tá borradh ag teacht faoin líon daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu de bharr scolaíocht lánGhaeilge. Astu sin a fáiscfear an chéad ghlúin eile de chainteoirí dúchais. Tá an teanga ag lonnú i measc cuid den mheánaicme chathrach, go háirithe sna cathracha móra - [[Baile Átha Cliath]] sa deisceart, [[Doire]] agus [[Béal Feirste]] sa tuaisceart. Dream uirbeach na Gaeil feasta, cé gur deacair a líon a mheas faoi láthair.