An difríocht idir athruithe ar: "Ceres (abhacphláinéad)"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:PIA19562-Ceres-DwarfPlanet-Dawn-RC3-image19-20150506.jpg|thumb|Ceres]]
[[Abhacphláinéad]] is ea í '''Ceres''', nó ''1 Ceres'', mar a thugtaí uirthi nuair ba nós í a áireamh ar ceann de na hastaróidigh. Tá sí ag timpeallú na Gréine laistigh den [[Crios astaróideach|phríomhchrios astaróideach]], idir [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatar]] agus [[Mars (pláinéad)|Mars]], agus is í an réad is mó sa chrios sin. Tá si 950 [[ciliméadar]] ar [[trastomhas]], agus í beagnach sféarúil (ar déanamh liathróide), murab ionann agus an chuid is mó de na hastaróidigh, agus mar sin, tá sí níos cosúla le pláinéad beag ná le gnáthastaróideach. Le fírinne, is i measc ghealacha Shatarn is mó a bheadh súil agat le Ceres, ó thaobh na méide de ar a laghad. Tá sí beagáinín níos lú ná míle ciliméadar ar trastomhas, agus mar sin, tá sí beagáinín níos lú ná [[Tethys]] agus [[Dione]], ach níos mó ná [[Mimas]] agus [[Enceladus]].