An difríocht idir athruithe ar: "Plútón (abhacphláinéad)"

Content deleted Content added
níos gaire do Plútón inniu!!!
m (GR) Duplicate: File:Pluto by LORRI, 7 July 2015 (Color).jpgFile:PIA19702-Pluto-HeartFeature-NewHorizons-20150707.jpg Exact or scaled-down duplicate: [[c::File:PIA19702-Pluto-HeartFeature-NewHorizons-20150707.j...
Líne 1:
[[Íomhá:PIA19702-Pluto by LORRI, 7 July 2015 (Color)-HeartFeature-NewHorizons-20150707.jpg|thumb|Plútón]]
 
[[Abhacphláinéad]] is ea '''Plútón''' atá suite ar imeall an [[grianchóras|ghrianchórais]]. Ó [[1930]] go [[2006]], thugadh [[an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] (ARI) agus na gnáthdaoine [[pláinéad]] air, ach athraíodh an cinneadh sin i mí Lúnasa [[2006]], ós rud é go bhfuil reanna neimhe sonraithe i g[[Crios Kuiper]] taobh thiar de atá ar aon mhéid leis. (Sa bhliain 2005, thángthas ar réad de chuid Kuiper, [[2003 UB313|2003 UB<sub>313</i>]], atá níos mó ná Plútón.) Mar sin, is féidir nach bhfuil i gceist le Plútón ach an ceann is cóngaraí dúinn de reanna an chreasa seo. Tá Plútón ag timpeallú na [[Grian|Gréine]] ar fhithis atá an-difriúil le fithisí na ngnáthphláinéad. Fithis an-chlaonta, an-éalárnach í. Mar sin, siúd is go raibh sé de nós ag na daoine a shíleadh gurb é Plútón an pláinéad is faide ón nGrian, chaith sé na blianta [[1979]]-[[1999]] taobh istigh d'fhithis [[Neiptiún (pláinéad)|Neiptiúin]]. Sa bhliain 1978, cuireadh an chéad sonrú i satailít Phlútóin, [[Carón]]. Tugadh dhá ghealach níos lú faoi deara sa bhliain [[2005]], mar atá, [[Nix]] agus [[Hydra]]. Déanta na fírinne, níl sé furasta a rá, ach an oiread, an "satailít" é Carón dháiríre. B'fhearr a rá gur córas [[Imtharraingt|imtharraingthe]] iad Plútón agus Carón in éineacht, agus go bhfuil an bheirt acu ag timpeallú [[meáchanlár]] an chórais sin. Tá an meáchanlár sin suite in aice le Plútón, ach níl sé taobh istigh de.