An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Eabhrac (stát)"

Content deleted Content added
Líne 38:
 
== Stair ==
Chuir daoine fúthu san áit ina bhfuil Stát Nua-Eabhrac anois timpeall 10,000 bliain ó shin. Treibheanna [[Algancach]]a a bhí i ndeisceart agus oirthear an stáit le fada an lá faoin am ar tháinig na chéad Eorpaigh: lucht Lenape sa deisceart agus i ngleann an Hudson suas leath an bhealaigh go hAlbany, a bheagán nó a mhórán; agus na Mahican ní b'fhaide thoir thuaidh. Tháinig na h[[Iroquois]] aneas as na sléibhte Apaláiseacha agus chuir siadsan fúthu in iarthar agus i dtuaisceart Nua-Eabhrac. Cónaidhm de chúig threibh a bhí ann. Chónaíodh ceann díobh, na [[Móháic|Móhácaigh]], taobh thuaidh de na Lenape.
 
Ceann de na chéad stáit a cuireadh ar bun i Meiriceá Thuaidh, ainmnítear an stát seo as Cathair [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]]. Ba iad muintir na [[an Ísiltír|na hÍsiltíre]] ar dtús a chur fúthu ag Fort Orange, ar shuíomh [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]] an lae inniu, sa bhliain [[1624]]. Ba iad freisin a chuir cathair [[Nieuw Amsterdam]] ar bun sa bhliain [[1625]], agus de réir an scéil choitinn, cheannaigh [[Peter Minuit]] oileán [[Manhattan]] ó na [[Indiach|hIndiaigh]] ar bheagán áilleagán, arbh fhiú $24 iad. Sa bhliain [[1664]], thug an pobal maoirseacht do [[Sasana|Shasana]] ar an gcathair. Thug siadsan "New York" ar an limistéir in ómós do Dhiúic Eabhrac. Is de bhunús Cheilteach an ainm Eabhrac.
Líne 45:
 
Sa bhliain 1917 tugadh cearta vótála do na mná den chéad uair. Ar 11 Meán Fómhair 2001, fuair breis is 2,600 duine bás ag an [[Ionad Trádála Domhanda]] i [[Manhattan]], an t-ionsaí sceimhlitheoireachta is mó i stair na Stát Aontaithe. I 2011 thug Tionól Reachtais an stáit cead do shaoránaigh an stáit duine den inscne céanna a phósadh.
[[Íomhá:Old timer structural worker2.jpg|mion|Fear ag obair ar an Empire State Building i 1930. Fostaíodh a lán Móhácaigh agus cuid daoine as [[Talamh an Éisc]] d'obair tógála i gCathair Nua-Eabhrac i lár an 20ú haois.]]
 
== Tionscal ==