An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 7:
Idir an dá linn bhí Ríogaithe ag cruinniú le chéile in [[Éire|Éirinn]], áit a ndearna siad comhaontas le Comhcheangal Chaitlicigh na hÉireann sa bhliain 1649. Ba é seo an rud ba mhó ba bhaol do Pharlaimint Shasana, go fiú má bhí Caitlicigh éigin i gcoinne an chomhaontais agus roinnt Ríogaithe [[Protastúnachas|Protastúnacha]] i [[Sasana]] ag dul de réir a chéile i leith na Parlaiminte. Dúirt Cromail féin le Comhairle an Airm ar 23 Márta 1649 gurbh iad na Éireannaigh a bhí 'the most dangerous'.<ref>Féach Lenihan, Pádraig (2000). ''Confederate Catholics at War'' (Cork University Press), ISBN 1-85918-244-5, lch 115.</ref> I Mí Mhárta cheap an Pharlaimint Cromail chun dul anonn i gceann feachtais. Chaith sé tamall maith ag fáil faoi réir agus i Mí Iúil ghluais sé féin agus a arm ó [[Bristol|Bhristol]].
 
Bhí gráin ag Cromail ar an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Chaitliceach]]. Shíl sé gur shéan sí ríthábhacht an [[Bíobla|Bhíobla]] agus go ndearna sí leatrom agus géarleanúint ar Phrotastúnaigh san [[Eoraip]]. Rud eile a chuaigh i bhfeidhm air ba ea ceannairc na bliana 1641 in Éirinn, nuair a mharaigh Caitlicigh roinnt Protastúnach ó Shasana agus ó [[Albain]] a chuir fúthu ar thailte na n[[Gael]]. Rinneadh áibhéil ar an líon daoine a ndearnadh ár orthu agus ar an drochíde a tugadh dóibh, agus is iomaí Sasanach a chreid na scéalta uafásacha a bhí á scaipeadh. Rinne Cromail féin tagairt do na cúrsaí seo – 'the most unheard of and barbarous massacre' – agus is dócha gurbh é sin ba chúis leis an lámh chrua a choinnigh sé leis na hÉireannaigh. <ref>Beresford Ellis, Peter (1975). ''Hell or Connaught! The Cromwellian Colonization of Ireland 1652-1660'', Hamish Hamilton, lch 21.</ref>
 
== In Éirinn ==