An difríocht idir athruithe ar: "Fiodh Ard"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 8:
== Stair ==
 
Timpeall na bliana 1200 is dócha gur roghnaigh tiarna Normannach – Uilliam III de Braose, an 11ú tiarna d’Abergavenny sa Bhreatain Bheag – cnoc Fhiodh Ard mar áit a mbunófaí baile mór. Bhí teampall agus reilig ann, agus bhí tábhacht ar leith leis an log margaidhmargadh, ó bhí rath an bhaile mhóir ag brath chomh mór sin ar an gcuradóireacht a bhí ar siúl ina thimpeall. (Ar éigean a tháinig malairt dealraimh inniu féin ar pháirceanna an cheantair: tá rian na meánaoiseanna orthu fós.) Tugadh cairt buirgéise d’Fhiodh Ard, rud a bhronn pribhléidí áirithe ar na buirgéisigh – cíosanna socraithe, a gcúirt féin agus fíneálacha socraithe ach amháin sna cásanna ba thromchúiseacha. Meastar gur tháinig cuid mhaith den phobal anoir ó Shasana nó ón mBreatain Bheag.
[[Íomhá:King John from De Rege Johanne.jpg|thumb|Eoin Rí ó ''De Rege Johanne''.]]