An difríocht idir athruithe ar: "Geneviève Néron"
Colin Ryan (plé | dréachtaí) Leathanach cruthaithe le 'Aisteoir agus ceoltóir ó Québec is ea '''Geneviève Néron''', a rugadh in Montréal ar 24 Iúil 1974. Tar éis di cúrsaí scannánaíochta agus aisteoireach...' |
(No difference)
|
Leagan ó 07:31, 25 Iúil 2015
Aisteoir agus ceoltóir ó Québec is ea Geneviève Néron, a rugadh in Montréal ar 24 Iúil 1974.
Tar éis di cúrsaí scannánaíochta agus aisteoireachta a dhéanamh rinne sí páirteanna i drámaí beaga agus thosaigh sí obair a fháil ar an teilifís. Tharraing sí clú éigin uirthi féin sna sraithdhrámaí Virginie, Tribu.com et Les Invincibles, ach is clár don aos óg, Réal-IT,[1] is mó a rinne iomráiteach í, agus ghnóthaigh sí duaiseanna dá bharr, leithéid an Prix Gémeaux i 2004.[2]. Bhí sí le fáil freisin sa tsraith teilifíse Jean Duceppe[3]. Rinne sí páirteanna ina lán scannán freisin. Orthu sin bhí Les Boys 3, Soowitch et La Moitié gauche du frigo.
Ón mbliain 2005 i leith tá sí ag seinm lena grúpa rac-cheoil agus ceoil tíre Madame Moustache. Ise an príomhamhránaí agus an dordghiotáraí. Tháinig a gcéad albam, Au nom du countr(i), amach i 2008. Tá sí sáite i ngnóthaí timpeallachta. Bhí sí páirteach sa tionscadal comhshaoil “Vu du large II”[4] agus i 2007 thosaigh sí féin agus Christophe Rapin ag cur Rallye Müvmedia, clár taistil, i láthair ar Télé-Québec.[5].
Scannáin agus teilifís
- 1996: Virginie (sraith teilifíse) - Agathe Sirois
- 1999: Karaoke - Geneviève
- 2000: La Moitié gauche du frigo - Odile
- 2001: Soowitch - Karine
- 2001: Les Boys 3 - Chantal
- 2002: Jean Duceppe (sraith teilifíse) - Louise Duceppe
- 2002: Réal-IT (sraith teilifíse) - Manu
- 2005: Les Invincibles (sraith teilifíse) - Kathleen Samson
- 2006: Les 7 (miondráma ceoil) - Jolie Julie
- 2006: Et Dieu créa… Laflaque - Voix de Laurence
Dioscliosta le Madame Moustache
Nótaí
- ↑ Page sur Réal-IT chez Téléfilm Canada : http://www.telefilm.gc.ca/fr/catalogues/production/real-it. Arna rochtain ar 3 Lúnasa 2011
- ↑ Meilleure interprétation premier rôle : jeunesse: Académie canadienne du cinéma et de la télévision: http://evenements.acct.ca/prix-gemeaux/gagnants-depuis-1987/interpretation/meilleure-interpretation-premier-role-jeunesse.html. Arna rochtain ar 3 août 2011.
- ↑ Page de Geneviève Néron chez l'Agence Pierre Noiseux: http://www.agencepierrenoiseux.com/profil-artiste.aspx?ArtistID=20 . Arna rochtain ar 30 Iúil 2011
- ↑ Vu du large II: Téléfilm Canada: http://www.telefilm.gc.ca/en/catalogues/production/vu-du-large-ii . Arna rochtain ar 31 Iúil 2011
- ↑ ”Cinq questions à Geneviève Néron,” La Presse: http://moncinema.cyberpresse.ca/nouvelles-et-critiques/nouvelles/article/967-Cinq-questions-a-Genevieve-Neron.html. Arna rochtain ar 31 Iúil 2011.
- ↑ ”Une quinzaine d'artistes chanteront Passe-Partout,” Agnès Gaudet, 5/11/2008: Le Journal de Montréal: http://www.canoe.com/divertissement/musique/nouvelles/2008/11/05/7312036-jdm.html. Arna rochtain ar 30 Iúil 2011