An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 34:
D'éirigh an Chuntaois as an rialtas i Mí Eanáir [[1922]] in éineacht le h[[Eamon de Valera]] agus an chuid eile acu siúd nár ghlac leis an [[Conradh Angla-Éireannach|gConradh Angla-Éireannach]]. Throid sí chomh maith le duine sna hÓglaigh in aghaidh an Chonartha. Tar éis an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|chogaidh]], chuaigh sí ag taisteal [[SAM|Mheiriceá]]. Níor vótáladh isteach í i dtoghchán na bliana [[1922]], ach sa chéad bhliain eile, toghadh í do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas. De réir pholasaí staonaireachta Shinn Féin, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán. Thuill a dearcadh dearg-Phoblachtach seal i bpríosún di arís, agus istigh ansin di, chuaigh sise agus dháréag bhanphríosúnach eile is ceithre scór ar stailc ocrais. I gceann míosa, bhí sí saor arís. Ba chuimhin le lucht rialtais an [[Saorstát Éireann|tSaorstáit]] i gcónaí an náire shaolta a tharraing stailceanna ocrais [[na Sufraigéidí]] ar rialtas na Breataine Móire roimh an gcogadh.
 
Chuaigh an Chuntaois i [[Fianna Fáil|bhFianna Fáil]] a thúisce is a bunaíodh an páirtí sin, sa bhliain [[1926]]. Bhí sí ina cathaoirleach ar chruinniú bunaidh an pháirtí in [[Amharclann La Scala]]. Toghadh ina Teachta ar an gcúigiú Dáil í i Mí an Mheithimh, [[1927]], ach fuair sí bás sula raibh de sheal aici glacadh leis an suíochán. Galar tobann a thug a bás. B'fhéidir go raibh sí tar éis eitinn a tharraingt ó na bochtáin a raibh sí ag freastal orthu, murarbh é an t-[[aipindicíteas]] é. In Ospidéal Sir Patrick Dun i mBaile Átha Cliath, a shíolaigh sí. Gan phingin a bhí sí i ndiaidh a hacmhainn a thabhairt do na bochtáin. hAdhlacadh í i [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath.<ref>Depuis, Nicola (2009). [https://books.google.ie/books?id=heeon5xC5KwC&pg=PA171#v=onepage&q&f=false ''Mná na hÉireann: Women who Shaped Ireland''] Corcaigh: Mercier Press Ltd. Lch. 171. ISBN 9781856356459. Arna rochtain ar 26 Iúil 2014.</ref>
 
== Féach freisin ==