An difríocht idir athruithe ar: "Liam Ó Maoilíosa"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Polaiteoir agus náisiúnaí Éireannach ab ea é '''Liam Ó Maoilíosa''' (25 Bealtaine, 18958 Nollaig, 1922), nó ''Liam Mellows'' as Béarla. {{...
 
Níos mó eolas
Líne 1:
Polaiteoir agus náisiúnaí [[Éire|Éireannach]] ab ea é '''Liam Ó Maoilíosa''' ([[25 Bealtaine]], [[1895]] – [[8 Nollaig]], [[1922]]), nó ''Liam Mellows'' as [[Béarla]].
 
{{stumpa}}
== Saol ==
Saolaíodh Liam Ó Maoilíosa i [[Manchain]], [[Sasana]], mac le tuismitheoirí Éireannach sa bhliain 1895. Tógadh é i g[[Contae Loch Garman]] in Éirinn, agus bá náisiúnaí é ón aois óg. Chuaigh sé isteach i bh[[Fianna Éireann]] (gluaiseacht phoblachtach do bhuachaillí), agus tar éis tamaill bhí sé gníomhach le h[[Óglaigh na hÉireann]] freisin. Cuireadh faoi ghlas é cúpla uair, agus d'éalagh sé amach as [[Príosún Reading]] chun teacht ar ais go hÉireann chun páirt a ghlac in [[Éirí Amach na Cásca]]. Bhí sé ina cheannaire ar an Roinn Iartharach don [[IRA]], agus rinne sé ionsaí mírathúil ar stáisiún de chuid an [[Constáblacht Ríoga na hÉireann]] in [[Órán Mór]], [[Contae na Gaillimhe]].
 
Tar éis teipeadh an tÉirí Amach, theith Ó Maoilíosa go dtí [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]]. Thosaigh sé ag obair anseo le [[John Devoy]], agus rinne siad na h-ullmhucháin don turas a rinne [[Éamon de Valera]] sa tír idir na blianta [[1919]] agus [[1920]]. D'fhill sé ar ais go hÉireann arís nuair a bhris an [[Cogadh Angla-Éireannach]] amach. Rinne an [[IRA]] Stiúrthóir Soláthairtí de i rith an chogadh, agus bhí sé freagrach as ceannach airm.
 
Toghadh Ó Maoilíosa isteach [[an Chéad Dáil|sa Chéad Dáil]] sa bhliain [[1918]], agus é ina iarrthóir le [[Sinn Féin]] ón ndáil-cheantar Gaillimh Thoir agus an Mhí Thuaidh. Bhí sé go láidir in éadan an g[[Conradh Angla-Éireannach]] a bhí síníthe sa bhliain [[1921]], agus bhí sé i measc na ceannairí a bhí lonnaithe sna [[na Ceithre Cúirteanna|Ceithre Cúirteanna]] nuair a bhris amach [[Cogadh Cathartha na hÉireann]] i mí Meitheamh [[1922]]. Níor mhair an suíomh ach dhá lá, áfach, agus bhí orthu géilleadh a dhéanamh. Deirtear go raibh seans ag Ó Maoilíosa agus [[Earnán Ó Máille]] éalú a dhéanamh, ach dhiúltaigh siad é.
 
Cuireadh Ó Maoilíosa agus na frith-chonraitheoirí eile faoi ghlas i b[[Príosún Mhuinseo]]. Ar an [[8 Nollaig]], lámhachadh Ó Maoilíosa, [[Ruairí Ó Conchúir]], [[Seosamh Mac Calbhaigh]] agus [[Risteard Bairéid]], mar bheart díoltais ar scaoileadh an [[Teachta Dála]] [[Seán Mac Héil]] ar [[6 Nollaig]].
 
== Cuimhneachán ==
Tá dealbh in ómos Liam Ó Maoilíosa le fáil san Fhaiche Móir i g[[Gaillimh|cathair na Gaillimhe]], agus tá na bearraic Dún Úi Maoilíosa ainmnithe ina dhiaidh é chomh maith. Tá dealbh eile in Óran Mór.
 
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Polaiteoirí na hÉireann|Maoilíosa, Liam Ó]]