An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar Scaliger"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'thumb|deas|Iúil Caesar Scaliger Fear léinn agus lia ón Iodáil ba ea '''Iúil Caesar Scaliger''' (23 Aibr...'
 
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 18:
Níor thug Erasmus freagra ar an óráid agus barúil aige gur namhaid leis, Meander, a scríobh í. Dá bhrí sin , scríobh Scaliger óráid eile (a foilsíodh i 1536) agus í chomh lán céanna de sciolladóireachta. Ina dhaidh sin d’fhoilsigh sé mórán véarsaíocht Laidine, ábhar a tháinig amach ina leabhair dhifriúla i 1533, i 1534, i 1539, i 1546 agus i 1547. Foislíodh a lán eagrán ach is beag meas a bhí ag na criticeoirí ba dhéanaí ar an saothar seo.<ref>Mhaígh an t-acadóir [[Mark Pattison]] go raibh sé ar aon intinn le [[Pierre Daniel Huet]] nuair a dúirt sé siúd: "''par ses poésies brutes et informes Scaliger a déshonoré le Parnasse...''"</ref> Chomh maith leis sin d’fhoilsigh sé tráchtas beag ar mheadrachtaí coiméideacha (''De comicis dimensionibus'') agus ''De causis linguae Latinae'' (Lyon, 1540; an Ghinéiv, 1580),<ref>Sa leabhar seo déanann sé anailís ar stíl Cicero agus ar dhearmaid a rinne [[Lorenzo Valla]] agus na daonnachtaí roimhe.</ref> saothar a gcuirtear ina leith gurb í an chéad ghraiméar Laidine a scríobhadh de réir prionsabail eolaíocha.
 
Tháinig ''Poetices'' (Lyon, 1561; Leyden, 1581) amach tar éis a bháis agus critic ann de réir ''Ealaín filíochta'' Arastatail. Ar nós a lán eile lena linn, b’fhearr le Scaliger [[Veirgil]] ná [[Hóiméar]]. Shíl sé gur bhreátha traigéidí [[Seneca|Sheinice]] ná traigéidí na Gréige.
 
Phléigh [http://books.google.com/books?id=Le8TAAAAQAAJ& ''Exotericarum exercitationum''] (Cleachtaí Neamhchoitianta, 1557) fealsúnacht nádúrtha de réir taithí agus breathnadóireachta. Lochtaigh sé ''De Subtilitate'' [[Gerolamo Cardano]] agus bhí tionchar aige ar staraithe, ar fhealsúna agus ar eolaithe, leithéidí [[Francis Bacon]], [[Gottfried Wilhelm Leibniz]] agus [[Johannes Kepler]].<ref>Herman H.J. Lynge & Sons, International Antiquarian Booksellers [http://www.lynge.com/item.php?bookid=31639 "Renaissance Enlightenment - Defending Aristotle Against Cardano"]</ref>
Níl rian na réasúnaíochta induchtaí le fáil ar a shaothar. Níor ghlac sé le teoiricí [[Copernicus]]. Lean sé Arastatal i gcúrsaí meitifisice agus staire nádúrtha agus chloígh le Galen i gcúrsai leighis, ach ní raibh drogall air iad a lochtú.
 
==Teaghlach==