An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar Scaliger"

Content deleted Content added
defsort
Líne 14:
== Saothair ==
 
I 1531 d’fhoilsigh sé a chéad óráid in aghaidh [[Erasmus]] ar son [[Cicero]] agus a lucht leanúna siúd..<ref>''Oratio pro Cicerone contra Erasmum'' (Paris 1531), a deir nach bhfuil in Erasmus ach diúgaire liteartha agus ceartaitheoir téacsanna.</ref> Cuid suntas í de bharr ghéire na feannadóireachta agus, fearacht scríbhinní eile Scaliger, feabhas a cuid Laidine.
 
Níor thug Erasmus freagra ar an óráid agus barúil aige gur namhaid leis, Meander, a scríobh í. Dá bhrí sin , scríobh Scaliger óráid eile (a foilsíodh i 1536) agus í chomh lán céanna de sciolladóireachta. Ina dhaidh sin d’fhoilsigh sé mórán véarsaíocht Laidine, ábhar a tháinig amach ina leabhair dhifriúla i 1533, i 1534, i 1539, i 1546 agus i 1547. Foislíodh a lán eagrán ach is beag meas a bhí ag na criticeoirí ba dhéanaí ar an saothar seo.<ref>Mhaígh an t-acadóir [[Mark Pattison]] go raibh sé ar aon intinn le [[Pierre Daniel Huet]] nuair a dúirt sé siúd: "''par ses poésies brutes et informes Scaliger a déshonoré le Parnasse...''"</ref> Chomh maith leis sin d’fhoilsigh sé tráchtas beag ar mheadrachtaí coiméideacha (''De comicis dimensionibus'') agus ''De causis linguae Latinae'' (Lyon, 1540; an Ghinéiv, 1580),<ref>Sa leabhar seo déanann sé anailís ar stíl Cicero agus ar dhearmaid a rinne [[Lorenzo Valla]] agus na daonnachtaí roimhe.</ref> saothar a gcuirtear ina leith gurb í an chéad ghraiméar Laidine a scríobhadh de réir prionsabail eolaíocha.