An difríocht idir athruithe ar: "Albain"

Content deleted Content added
/* Tíreolaíocht naisc
Líne 59:
== Tíreolaíocht ==
:''Féach freisin: [[Ceantair chomhairle na hAlban]]''
Is ar thuaisceart oileán na [[an Bhreatain|Breataine]] atá Alba; thar theorainn ó dheas uaithi tá Sasana. Tá cuid de mhórthír na Breataine inti, mar aon le roinnt grúpaí oileán, ar nós [[Inse Shealtainn|Sealtainn]], [[Inse Orc]] agus [[na hOileáin Siar]]. Trí rann tíreolaíochta agus clocheolaíochta atá ar an mórthír: aduaidh aneas, is iad seo [[Na Garbhchríocha|Garbhchríocha na hAlban]] atá sléibhtiúil den chuid is mó, an Crios Lárnach nó an Ghalltacht Meánach, atá íseal go maith, agus Árdáin an Deiscirt atá cnocach. Is sa Chrios Lárnach a mhaireann formhór na ndaoine, agus is ann atá trí cinn de na sé cathracha atá sa tír, mar atá [[Dún Éideann]], [[Glaschú]], agus [[Sruighle]], mar aon le go leor bailte móra eile. Tá an chuid is mó d'fhuíoll an daonra in Ísiltír an Oirthuaiscirt, mar a bhfuil dhá cheann eile de na cathracha sin, mar atá [[Obar Dheathain]] agus [[Dún Déagh]]. Fágann sin [[Inbhear Nis]], atá san áit a mbuaileann [[Abhainn Nis]] le [[an Cuan Moireach|Cuan Moireach]], ar an scoilt idir Ardáin an Iarthuaiscirt agus na [[Am Monadh Ruadh|Cairn Gorma]].
 
Roinntear Albain i g[[contaetha na hAlban|contaetha traidisiúnta]], ach in [[1889]], nuair a cuireadh na [[Ceantair chomhairle na hAlban|comhairlí contae]] ar bun, cuireadh beagán atheagair orthu mar go raibh cuid díobh i mórán codanna, nó fiú ina smidiríní.
[[Íomhá:Traigh Sheilebost.jpg|clé|mion|Traigh Sheilebost sna [[Na Hearadh|Hearadh]], sna hOileáin Siar]]
 
== Clocheolaíocht ==