An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

Content deleted Content added
Léitheoireacht
nasc
Líne 15:
Sa bhliain [[1908]], chuaigh an Chuntaois go hoscailte le polaitíocht agus le náisiúnachas. Chuaigh sí i [[Sinn Féin]] agus in Inghinidhe na hÉireann (is é sin, Iníonacha na hÉireann, i dteanga chaighdeánaithe an lae inniu), is é sin, gluaiseacht na náisiúnaithe ban. Sa bhliain chéanna, bhí sí ina hiarrthóir don Pharlaimint. Bhí sí le toghadh i ndáilcheantar [[Manchain|Mhanchain]], an áit a raibh [[Winston Churchill]] ina iarrthóir chomh maith. Chaill sí an toghchán, ach mar sin féin, ba mhillteanach an dul chun cinn agus an t-athrú saoil a bhí déanta aici. I rith dhá bhliain, d'iompaigh an Chuntaois ina polaiteoir déanta.
 
Sa bhliain [[1909]], bhunaigh sí [[Fianna na hÉireann]] (is minic a úsáidtear an leagan "Na Fianna Éireann", cé nach bhfuil sé ag teacht le ceart na teanga). Bhí na Fianna an-chosúil le gluaiseacht na nGasóg, a bhí bunaithe ag an Tiarna Baden-Powell, ach má bhí féin, bhí cuma i bhfad ní ba mhíleata ar an ngluaiseacht Éireannach, agus na buachaillí ag foghlaim úsáid a bhaint as na hairm thine, mar shampla. B'é dearcadh [[Pádraig Mac Piarais|Phádraic Mhic Phiarais]] go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis na Fianna agus le [[Óglaigh na hÉireann|hÓglaigh na hÉireann]], ar cuireadh bun leo sa bhliain [[1913]]. Sa bhliain [[1911]], caitheadh an Chuntaois i dtóin phríosúin i ndiaidh di páirt ghníomhach a ghlacadh sna hagóidí in aghaidh chuairt an [[Seoirse V na Ríochta Aontaithe|Rí Seoirse a Cúig]] ar Éirinn. Le linn an [[Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath|Fhrithdhúnta]] sa bhliain [[1913]], chuaigh sí in [[Arm Cathartha na hÉireann|Arm Cathartha]] [[Séamus Ó Conghaile|Shéamuis Uí Chonghaile]], agus í ag reáchtáil cistin anraith le riaradh ar na hoibrithe nach raibh luach a mbia acu.
 
== Éirí Amach na Cásca ==