An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"
Content deleted Content added
nasc |
m lit. |
||
Líne 34:
D'éirigh an Chuntaois as an rialtas i Mí Eanáir [[1922]] in éineacht le h[[Eamon de Valera]] agus an chuid eile acu siúd nár ghlac leis an [[Conradh Angla-Éireannach|gConradh Angla-Éireannach]]. Throid sí chomh maith le duine sna hÓglaigh in aghaidh an Chonartha. Tar éis an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|chogaidh]], chuaigh sí ag taisteal [[SAM|Mheiriceá]]. Níor vótáladh isteach í i dtoghchán na bliana [[1922]], ach sa chéad bhliain eile, toghadh í do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas. De réir pholasaí staonaireachta Shinn Féin, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán. Thuill a dearcadh dearg-Phoblachtach seal i bpríosún di arís, agus istigh ansin di, chuaigh sise agus dháréag bhanphríosúnach eile is ceithre scór ar stailc ocrais. I gceann míosa, bhí sí saor arís. Ba chuimhin le lucht rialtais an [[Saorstát Éireann|tSaorstáit]] i gcónaí an náire shaolta a tharraing stailceanna ocrais [[na Sufraigéidí]] ar rialtas na Breataine Móire roimh an gcogadh.
Chuaigh an Chuntaois i [[Fianna Fáil|bhFianna Fáil]] a thúisce is a bunaíodh an páirtí sin, sa bhliain [[1926]]. Bhí sí ina cathaoirleach ar chruinniú bunaidh an pháirtí in [[Amharclann La Scala]]. Toghadh ina Teachta ar an gcúigiú Dáil í i Mí an Mheithimh, [[1927]], ach fuair sí bás sula raibh de sheal aici glacadh leis an suíochán. Galar tobann a thug a bás. B'fhéidir go raibh sí tar éis eitinn a tharraingt ó na bochtáin a raibh sí ag freastal orthu, murarbh é an t-[[aipindicíteas]] é. In Ospidéal Sir Patrick Dun i mBaile Átha Cliath, a
== Féach freisin ==
|