An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar Scaliger"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 6:
Ba phéintéir mionphictiúr agus maisitheoir a athair Benedetto Bordone.<ref>Richard S. Westfall, [http://galileo.rice.edu/Catalog/NewFiles/scaliger.html Galileo Project biography].</ref> Rugadh Scaliger i 1484 ag an Rocca di Riva ar bhruach Loch Garda. D’fhógair sé níos déanaí gur fáisceadh é as muintir la Scala (Scaliger), a bhí ina dtiarnaí ar [[Verona]] le céad is caoga bliain.
 
Deir a chuntas féin ar a bheatha go mbíodh sé ag troid ar son gaoil leis, Maximilian I, an tImpireImpire Naofa Rómhánach, agus go ndearna sé staidéar ar an ealaín faoi [[Albrecht Dürer]]. I 1512 chruthaigh sé chomh maith sin ag Cath Ravenna, ócáid inar maraíodh a athair agus a dheartháir, gur bhronn an tImpire Ord an Spoir Órga air. I 1514 chuaigh sé i mbun staideir in Ollscoil Bologna agus shocraigh ar dhul le sagartóireacht chun go ndéanfaí Cairdinéal de agus pápa, rud a ligfeadh dó Diúiceacht Verona a shealbhú tar éis gur bhain an Veinéis dá shinsir í. Chaith sé an scéim sin i dtraipisí ach d’fhan san ollscoil go dtí 1519. D’fhan sé sé bliana i b[[Piodmant]] ag muintir Della Rovere, ag troid sa samhradh agus i mbun léinn sa gheimhreadh nó gur chuir tinneas ait deireadh lena chuid saighdiúireachta. As sin amach chaith sé a dhúthracht leis an léann, agus i 1525 chuaigh sé le Aontonio della Rovera, easpag Agen, go dtí an chathair sin mar lia an easpaig.
 
Tamall tar éis a bháis bhí cuntas eile ar a bheatha le fáil ó naimhde a mhic. Dúirt siad nach raibh baint ar bith aige le muintir Della Scala, gur bhain sé céim MD amach in Olscoil Phadua agus nach raibh i scéal a bheatha roimh dó dul chun cónaithe in Agen ach bunscéal a chum sé féin. Admhaítear anois go bhfuil cuid den scéal úd bunoscionn leis an bhfianaise.