An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar Scaliger"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 6:
Ba phéintéir mionphictiúr agus maisitheoir a athair Benedetto Bordone.<ref>Richard S. Westfall, [http://galileo.rice.edu/Catalog/NewFiles/scaliger.html Galileo Project biography].</ref> Rugadh Scaliger i 1484 ag an Rocca di Riva ar bhruach Loch Garda. D’fhógair sé níos déanaí gur fáisceadh é as muintir la Scala (Scaliger), a bhí ina dtiarnaí ar [[Verona]] le céad is caoga bliain.
 
Deir a chuntas féin ar a bheatha go mbíodh sé ag troid ar son gaoil leis, Maximilian I, Impire Naofa Rómhánach, agus go ndearna sé staidéar ar an ealaín faoi [[Albrecht Dürer]]. I 1512 chruthaigh sé chomh maith sin ag Cath Ravenna, ócáid inar maraíodh a athair agus a dheartháir, gur bhronn an tImpire Ord an Spoir Órga air. I 1514 chuaigh sé i mbun staideir in Ollscoil Bologna agus shocraigh ar dhul le sagartóireacht chun go ndéanfaí Cairdinéal de agus pápaPápa ina dhiaidh sin, rud a ligfeadh dó Diúiceacht Verona a shealbhú tar éis gur bhain an Veinéis dá shinsir í. Chaith sé an scéim sin i dtraipisí ach d’fhan san ollscoil go dtí 1519. D’fhan sé sé bliana i b[[Piodmant]] ag muintir Della Rovere, ag troid sa samhradh agus i mbun léinn sa gheimhreadh nó gur chuir tinneas ait deireadh lena chuid saighdiúireachta. As sin amach chaith sé a dhúthracht leis an léann, agus i 1525 chuaigh sé le Aontonio della Rovera, easpag Agen, go dtí an chathair sin mar lia an easpaig.
 
Tamall tar éis a bháis bhí cuntas eile ar a bheatha le fáil ó naimhde a mhic. Dúirt siad nach raibh baint ar bith aige le muintir Della Scala, gur bhain sé céim MD amach in Olscoil Phadua agus nach raibh i scéal a bheatha roimh dó dul chun cónaithe in Agen ach bunscéal a chum sé féin. Admhaítear anois go bhfuil cuid den scéal úd bunoscionn leis an bhfianaise.
 
Chaith sé dha bhliain is tríocha in Agen ag tarraingt chlú an léinn air féin. Cuireadh eiriceacht ina leith i 1538 ach éigiontaíodh é. Fuair sé bás in Agen i 1558.
 
== Saothair ==