An difríocht idir athruithe ar: "An Bhealarúis"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 7:
|amhrán_náisiúnta=''[[My Belarusy|Мы, беларусы, "Sinne, na Bealarúisigh"]]''
|íomhá_learscáile=Europe location BLR.png
|príomhchathair = [[MinscMionsc]] |dnlc=53|dnln=55|dnlNS=N|dnfc=27|dnfn=33|dnfEW=E|dnlNSgael=|dnfEWgael=
|cathair_is_mó=[[MinscMionsc]]
|teangacha_oifigiúla=[[An Bhealarúisis|Bealarúisis]], [[An Rúisis|Rúisis]]
|cineál_rialtais=|Poblacht
Líne 42:
|fonótaí=}}
 
Is tír í '''an Bhealarúis''' (''an Bhílearúis'' an leagan Gaeilge eile a fheictear i bhfoclóirí áirithe; thugtaí ''an Fhionnrúis'' uirthi freisin) atá suite in [[Oirthear na hEorpa]], agus í ag críochantacht leis an [[An Rúis|Rúis]], leis an [[An Liotuáin|Liotuáin]], leis an [[An Úcráin|Úcráin]], agus leis an [[An Laitvia|Laitvia]]. Is í [[MinscMionsc]] an phríomhchathair, agus cathracha tábhachtacha eile is ea iad [[Biareście]], [[Hrodna]], [[Homiel]], [[Mahiloŭ]], agus [[Viciebsk]]. Is é an t-ainm oifigiúil ''Poblacht na Bealarúise'' ([[An Bhealarúisis|Bealarúisis]]: ''Рэспубліка Беларусь/Respublika Biełaruś''), ach is gnách ''An Bhealarúis'' (''Беларусь/Biełaruś'') a thabhairt ar an tír go simplí. Tá an tír lán [[Coill|coillte]], agus 9,775,000 duine ina gcónaí ansin.
 
Sna laethanta a bhí, bhain an Bhealarúis lena lán tíortha éagsúla, ar nós [[Diúcacht Połack]], [[Ard-Diúcacht na Liotuáine]], [[Comhlathas na Polainne is na Liotuáine]], agus [[Impireacht na Rúise]]. Sa bhliain 1922, roinneadh an Bhealarúis idir Poblacht na Polainne agus an tAontas Sóivéadach. An leath den tír a thit leis an Aontas Sóivéadach, hiompaíodh ina Poblacht Shóivéadach í, is é sin, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise. Sa bhliain 1939, nuair a shealbhaigh an tAontas Sóivéadach an leath thiar den Bhealarúis ón bPolainn, cuireadh leis an leath thoir í, agus ansin, bhí an Bhealarúis iomlán ina Poblacht Shóivéadach. Ar an 27ú lá de Mhí Lúnasa 1990, d'fhógair an Phoblacht seo a ceannasacht go hoifigiúil, agus nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, bhain Poblacht na Bealarúise amach a neamhspleáchas ar an 25ú lá de Mhí Lúnasa 1991. Tá [[Alaksandr Łukašenka]] ina Uachtarán ar an mBealarúis ón mbliain 1994 i leith. Faoi láthair, tá an Bhealarúis agus an Rúis i mbun comhchainteanna le h[[Aontas na Rúise agus na Bealarúise]] a bhunú, is é sin, an dá thír a athaontú arís, ach tá na comhchainteanna sin in abar leis na blianta anuas.
Líne 59:
I Mí Mheán Fómhair 1939, i ndiaidh Conradh Ribbentrop agus Molotov a shíniú leis an nGearmáin [[Naitsíochas|Naitsíoch]], d'ionsaigh [[Iósaf Stailín|Stailín]] an Pholainn. D'fhorghabh a chuid saighdiúirí oirthear na Polainne, an chuid den tír a bhí dlite don stát Shóivéadach de réir an Chonartha. Stáitsíodh "reifreann" sna tailte úrghafa, agus ní nárbh ionadh, b'é toradh an reifrinn go raibh lucht oibre Oirthear na Polainne ar bís ar fad dul san Aontas Sóivéadach. Mar sin, cuireadh na gabháltais seo le Poblacht Shóivéadach na Bealarúise agus le Poblacht Shóivéadach na hÚcráine.
 
[[Íomhá:Victory-square.jpg|thumb|280px|left|MinscMionsc an lae inniu]]
Sa bhliain 1941, d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, agus ní raibh na Naitsithe i bhfad ag teacht i seilbh na tíre seo. Bhí siad ag rialú na tíre go dtí an bhliain 1944, agus idir an dá linn, maraíodh dhá mhilliún Bealarúiseach. Rinne an t[[Uileloscadh]] éirleach uafásach ar an mBealarúis. Roimh [[an Dara Cogadh Domhanda]], bhí cultúr beo breabhsánta ag na [[An Giúdachas|Giúdaigh]] ansin, agus an Bhealarúis ar an gceann ba mhó Giúdachais san Aontas Sóivéadach ar fad. Fuair formhór mór na nGiúdach seo bás san Uileloscadh, agus níor tháinig an cultúr áitiúil Giúdach chuige arís ina dhiaidh sin. Maidir leis an daonra Bealarúiseach féin, níor shroich sé a leibhéal réamhchogaidh roimh an mbliain 1971.