An difríocht idir athruithe ar: "Iarmhairt fhótaileictreach"

Content deleted Content added
Mír do na tagairtí
Content in this edit is from the existing English Wikipedia article at en:Photoelectric_effect, section 'Experimental observations of photoelectric emission'; see its history for attribution. Níor aistrigh mé chuile rud sa bhunleagan.
Líne 2:
 
Astú [[leictreon]] ó dhromchla miotail mar thoradh ar a ionradaíocht le [[solas]]. Ní astaítear aon solas muna mbíonn [[tonnfhad]] an tsolais níos lú ná luach criticiúil, a bhraitheann ar an ábhar atá i gceist. Ní bhraitheann [[fuinneamh]] na leictreon astaithe ar dhéine an tsolais ach ar a thonnfhaid. D'fhionn Heinrich Hertz an iarmhairt seo i [[1887]], céim bhunúsach i bhforbairt na teoirice candamaí. I [[1905]] mhínigh [[Albert Einstein|Einstein]] an iarmhairt mar seo: go gcuimsíonn solas aonaid scoite dhea-shainmhínithe (fótóin nó candaim solais), gach ceann le fuinneamh a bhraitheann ar an tonnfhad, is é sin, gur feiniméan candamach é an solas.
 
==Turgnaimh ar an bhfóta-astú==
Ní mór don teoiric a bhaineann leis an iarmhairt fhótaileictreach teacht leis na torthaí ó thurgnaimh ar an bhfóta-astú (astú ó dhromchla miotail).
 
I gcás miotal ar leith, tá íosmhinicíocht an [[Radaíocht|tsolais ionsaithigh]] nach dtarlaíonn fóta-astú faoina bun. Tugtar an mhinicíocht tairsí ar an minicíocht sin. Ós a chionn seo, má ardaítear minicíocht an tsolais ionsaithigh (gan déine an fhótashrutha a athrú) ionas go mbeidh méadú comhréireach i bhfuinneamh an tsolais, tiocfaidh méadú ar fhuinneamh cinéiteach an fhótasrutha. Tiocfaidh athrú ar mhéid na leictreon a astaítear freisin, de bhrí go méadaíonn an [[Dóchúlacht|dhóchúlacht]] go n-astófar leictreon ó fhótón de thoradh fuinnimh an fhótóin. Ach má ardaítear déine an tsolais ionsaithigh, agus an solas sin ar mhinicíocht ar leith, ní athróidh fuinneamh cinéiteach na bhfótaileictreoin.
Mar sin, os cionn na minicíochta tairsí, braitheann fuinneamh cinéiteach an leictreoin astaithe is tapa ar mhinicíocht an tsolais ionsaithigh, ach tá sé neamhspléach ar déine an tsolais ionsaithigh, ar an gcoinníoll nach bhfuil an déine ró-ard.<ref>
{{cite journal
|last1=Zhang |first1=Q.
|year=1996
|title=Intensity dependence of the photoelectric effect induced by a circularly polarized laser beam
|journal=[[Physics Letters A]]
|volume=216 |issue=1–5 |page=125
|bibcode=1996PhLA..216..125Z
|doi=10.1016/0375-9601(96)00259-9
}}</ref>
 
Do mhiotal ar leith, agus do mhinicíocht an tsolais ionsaithigh ar leith, tá na leictreoin a n-astaítear sa soicind i gcómhréir dhíreach le déine an tsolais ionsaithigh.
Tá moill an-bheag - níos lú ná 10−9 soicind - idir an t-am a thiteann an solas ar dhromchla miotail agus an t-am a n-astaíonn fótaileictreon.
 
==Teoiric Fhótaileictreach Einstein==