An difríocht idir athruithe ar: "Loch Michigan"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 4:
== Tíreolaíocht ==
[[Íomhá:Lake Michigan Watershed.png|mion|Báisín, no dobharcheantar, Loch Michigan]]
Loch oighreach, is é sin loch a cruthaíodh a céaduair ag deireadh na [[Oighearaois]]e, atá i Loch Michigan. Faigheann sé [[uisce]] ó na haibhneacha sa réigiún timpeall uirthi, agus folmhaíonn sí soir ó thuaidh isteach i [[Loch Huron]]. Go deimhin tá Lochanna Michigan agus Huron ar chomh airde agus tógann sé 98 bliana (.i. am seadaithe de 98 bliana) sula dtéann uisce a thagann isteach i Loch Michigan éalú amach go Loch Huron. Go teicniúil, níl iontu ach aon loch mhór amháin. Tá achar dromchla iomlán de 22,300 mí² nó 58,000 km² aige.
 
Is í Loch Michigan an dara loch is mó de na Lochanna Móra ó thaobh toirt uisce agus an 3ú ceann is mó de réir dhromchla. Tá Loch Michigan 307 míle ar fad agus 118 míle ar leithead. Is é 923 troigh (280 méadar) an pointe is doimhne sa loch, áit a baineadh amach i bhfomhuireán den chéad uair sa bhliain 1985. Is é 279 troigh (85 m) meándoimhneacht na locha.