An difríocht idir athruithe ar: "Tuaisceart Éireann"

Content deleted Content added
No edit summary
Ní amháin an rialtas
Líne 2:
[[Íomhá:Ulster_banner.svg|thumb|250px|Seanbhratach Thuaisceart Éireann. Chan fhuil bratach seo an Tuaiscirt oifigiúil a thuilleadh, gídh go bhfeictear ag cluichí sacair agus ag roinnt ócáidí lúthchleasaíochta eile í i gcónaí. Is féidir siombalachas na hÉireann agus Shasana araon a aithint ar an bhratach, nó seasann an Lámh Dhearg do Chúige Uladh, ach fuarthas Cros Naomh Seoirse ó bhratach Shasana. Tá coróin na Ríochta Aontaithe ann freisin agus Réalta Dháiví.]]
 
Is ionann '''Tuaisceart Éireann''' (t''Thehe North of Ireland ''nó'' Northern Ireland'' dar le Rialtais na Breatainne) agus limistéar na sé gcontae úd [[Contae Aontroma|Aontroim]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]], [[Contae Dhoire|Doire]], [[Contae an Dúin|An Dún]], [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]] agus [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]] a dealaíodh ón gcuid eile d'[[Éire|Éirinn]] nuair a tháinig an [[Conradh Angla-Éireannach]] i bhfeidhm sa bhliain [[1922]].<ref>[http://www.focal.ie/Search.aspx?term=Northern+Ireland Focal.ie] "Northern Ireland" ag Focal.ie, bailiúchán foinsí </ref> Ba é an tAcht um Rialtas na hÉireann ón bhliain [[1920]] a shainigh críocha agus teorainneacha an stáitín áfach, cé nach bhfuil teorainneacha cruinne gearrtha dó inniu féin, agus tá áiteanna ann nach féidir a rá fúthu go neamh-dhébhríoch cé acu sa Tuaisceart nó sa Phoblacht atá siad suite. Baineann dhá thrian de [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]] le Tuaisceart Éireann, ach tá sé de nós ag na h[[Aontachtóirí]] "Cúige Uladh" (''Ulster'') a thabhairt ar an stáitín. Státín féinrialaithe ann féin is ea Tuaisceart Éireann, nó go bunúsach, is slánaonad faoi fhéinrialtas é atá faoi fhorlámhas na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]], murab ionann agus an chuid eile d'Éirinn. Mar sin, is féidir é a chur i gcomparáid le [[Sasana]], leis [[an Bhreatain Bheag]] agus le [[Albain|hAlbain]].
 
Go praiticiúil, áfach, cha raibh féinrialtas an Tuaiscirt ag obair ar feadh i bhfad. Bhí tionól nó dáil fhéinrialaitheach ann ar Chnoc an Anfa (Béarla: ''Stormont'') go dtí na [[Na Trioblóidí|Trioblóidí]], ach ar an tríochadú lá de Mhí na Márta sa bhliain [[1972]], chuir rialtas na Ríochta Aontaithe an féinrialtas áitiúil ar ceal agus thosaigh sé ag rialú an Tuaiscirt go díreach ó Londain. De thoradh [[Comhaontú Aoine an Chéasta|Chomhaontú Aoine an Chéasta]], tháinig Tionól nua féinrialaitheach ar an fhód, ach nuair a chuaigh an díospóireacht faoi dhíchoimisiúnú arm na [[Na Sealadaigh|Sealadach]] ó smacht, cuireadh an tionól ar fionraí ar an gceathrú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain [[2002]]. Cé gurb iad an [[Páirtí Aontachtach Daonlathach]] (DUP) agus [[Sinn Féin]] an dá pháirtí is láidre inniu, i ndiaidh an olltoghcháin ar an tríochadú lá de Mhí na Samhna sa bhliain [[2003]], d'éirigh leis an tionól cromadh ar obair arís, rud nach raibh mórán súile leis, ós iad an dá pháirtí a sheasann do mheon na dígeantachta is na neamhghéilliúlachta sa dá phobal.