An difríocht idir athruithe ar: "Dreigeoideach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is é a bhíonn i ndreigeoideachn'''dreigeoideach''' ná rinn bheag spéire níos lú ná timpeall 1 km ar leithead, [[astaróideach]] beag, iarmhar cóiméid go minic, a bhíonn ag taisteal tríd an spás. Nuair a thagann a leithéid isteach in [[atmaisféar an Domhain]], téitear é trí [[Frithchuimilt|fhrithchuimilt]] leis an aer agus imbhualadh leis na [[Móilín|móilíní]] aeir, go lonraíonn sé agus tugtar ''dreige'' air ansin. Má imbhuaileann an réad soladach, carraigeach nó miotalach seo le [[dromchla]] [[An Domhan|an Domhain]], tugtar ''dreigít'' air. Is é a bhíonn i [[Réalta|réaltaí]] reatha ná dreigí, ar mhéid [[gráinne]] gainimh, a bhíonn á ndó go hiomlán go hard san atmaisféar. Bíonn luas 10-70 km s<small><sup>-1</sup></small> faoina leithéid, agus ní haon ionadh go dtéitear é san aer. Tarlaíonn ceathanna de 50 réalta reatha nó níos mó nuair a théann an Domhan trí [[eireaball]] deannaigh cóiméid. Fiú muna mbíonn ceathanna i gceist, bíonn timpeall 5 réalta reatha le feiceáil gach uair oíche ar bith. Díothaítear mórchuid na ndreigí roimh shroichint na talún dóibh, ach ó am go chéile maireann dreigít ar mhéid liathróide agus sroicheann an talamh. Buaileann ceann an t-atmaisféar uair nó dhó sa [[Seachtain|tseachtain]], le pléasc ar cóimhéid le pléasc adamhach. D'fhógair Roinn Cosanta Mheiriceá 136 pléasc den saghas seo ar bharr an atmaisféir i [[1975]]-1992. Bhraith saitilítí rúnda míleata na pléasca seo, agus bhí déine na bpléasc ar cóimhéid le buama beag adamhach. Tharla pléasca in iarthuaisceart na [[Éire|hÉireann]], [[Sruth na Maoile]], agus [[iarthar]] na h[[Albain|Alban]]. Níor braitheadh fiú is ceann amháin de na pléasca seo ar dhromchla an Domhain, agus meastar nach mbraitheann na saitilítí ach timpeall 10% de na himbhuailtí a tharlaíonn. Mar sin, seans go dtarlaíonn suas le 80 imbhualadh mar seo gach bliain. Léiríonn an t-eolas seo gur inmheasta an [[dóchúlacht]] go n-imbhuailfidh astaróideach mór an Domhan uair éigin amach anseo, agus go mb'fhéidir go mbeidh sé sin tubaisteach do dhaoine is an Domhan.
 
== Féach Freisin ==