An difríocht idir athruithe ar: "12 Angry Men"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is [[scannán]] é '''12 Angry Men''' a rinne [[Sidney Lumet]] sa bhlian [[1957]]. Ba chlár teilifíse é roimhe sin freisin. Reginald Rose a scríobh an script don scannán agus bhí Henry Fonda agus Reginald Rose mar léiritheoirí air. Tarlaíonn scéal an scannáin i seomra amháin, seomra an [[ghiúiré|giúiré]]. Is faoi ghiúiré, atá ag déanamh cinneadh faoi phíonós an bháis a ghearradh ar bhuachaill, an scannán. Tá sé cuirthe ina leith gur mharaigh an buachaill a athair. Tá an scannán 96 nóiméad ar fhad agus glacann Henry Fonda páirt an phríomhcharachtair.
 
Tosaíonn an scannán agus an 12 fear ag dúl go seomra an ghiúiré. Tosaíonn siad ag vótáil ar chionntacht an bhuachalla. Níl ach duine amháin, Giúróir a hOcht (Henry Fonda), a shíleann go bhfuil sé neamhchionntach. Déanann giúróir a hOcht diaspóireacht leis na giúróirí eile ag iarraidh a chur in a luí orthu go bhfuil an buachaill neamhchionntach. Bhí bean mar fhinné ar an ndúnmharú a deir go bhfuil an buachaill ciontach ach dár le Giuróir a hOcht tá sí mícheart. Le h-imeacht ama aontaíonn níos mó giúróirí go bhfuil sé neamhchionntach go dtí nach bhfuil ach giúróir amháin, Giúróir a Trí, a chreideann go bhfuil an buachaill ciontach. Sa deireadh athraíonn Giúróir a Trí a aigne chomh maith agus críochnaíonn an scannán leis ag caoineadh agus ag rá “neamhchiontach…….neamhchiontach”.