An difríocht idir athruithe ar: "Clannad"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
 
Eisíodh céadalbam Chlannad i [[1973]] agus chaith an grúpa na blianta ag taisteal na h[[Éire]]ann agus na h[[Eoraip|Eorpa]] agus a gcáil ag méadú i rith an ama.
 
Nuair a d'éirí go maaith leis an amhrán "''Theme From Harry's Game''" i [[1982]] i gcairteanna na Breataine, tháinig tús le Clannad mar ghrúpa ceoil domhanda. Mar gheall ar rath an amhrán seo bhain siad duais mór Ivor Novello. Agus in 1984 rinne Clannad an ceoil fá choinne sraith ''Robin Hood'' de chuid an BBC, d'eisigh siad an t-albam ''Legend'', de bharr seo bhain BAFTA, ba iad an chéad grúpa Éireannach a bhain a leithéid. I [[1985]] tháinig ceirnín fíor-rathúil eile, ''Macalla''. Ba seo ceann dena ceirníní is mó a d'eisí an grúpa, d'éirí go maith leis na hamhráin "''Closer To Your Heart''" agus "''Almost Seems (Too Late To Turn)''". Ach ba é an amhrán a cheoil siad le [[Bono]], an amhrán ba cháiliúla, rinne sé go maith ar fud na cruinne.
 
Lean Clannad ar aghaidh ag déanmah ceirníní stairiúla, cé gur éirí go maith le fuaim s'acu féin agus leis an pop-cheol, choinnigh siad dílis dá dúchas s'acu. Chur leaganacha úra do sean amhráin ar ceirníní s'acu, mar shampla, "''Tráthnóna Beag Aréir''" agus "''Buachaill Ón Éirne''".
 
Chrúthaigh Chlannad gur grúpa den scoth a bhí iontu i 1997, nuair a bhain siad duais Grammy fá choinne an t-albam ''Landmarks''. Ó shin, níor eisí siad aon ábhar nua, ach i ndiaidh iad a theacht le chéile ag féile Celtic Connections agus ag na Meteor Ireland Music Awards, dúirt siad ba mhian leofa pilleadh ar ais go dtí an stiúideo.
 
 
== Ceirníní Chlannad ==
 
 
[[Rang:Ceoltóirí Éireannacha]]