An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Eabhrac (stát)"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 35:
|suíomh_greasáin=www.ny.gov
}}
Ceann de na 50 [[stát]] de chuid [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe Mheiriceá]] is ea '''Nua-Eabhrac'''. Is é [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]] príomhchathair an stáit agus is í [[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]] an chathair is mó agus is aitheanta ann. Tá Stát Nua-Eabhrac suite i lár chósta an [[Aigéan Atlantach|Aigéin Atlantaigh]] in oirthuaisceart na Stát Aontaithe. Tá Nua-Eabhrac ag críochantacht le [[Ceanada]] ó thuaidh, le [[Vermont]], [[Massachusetts]], agus [[Connecticut]] thoir, agus le [[New Jersey]] agus [[Pennsylvania]] ó dheas.
Is [[stát]] i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] é '''Nua-Eabhrac'''
 
== Stair ==
Chuir daoine fúthu san áit ina bhfuil Stát Nua-Eabhrac anois timpeall 10,000 bliain ó shin. Treibheanna [[Algancach]]a a bhí i ndeisceart agus oirthear an stáit le fada an lá faoin am ar tháinig na chéad Eorpaigh:. Bhí an luchtpobal Lenape sa deisceart agus i ngleann an Hudson suas leath an bhealaigh go hAlbany, a bheagán nó a mhórán; agus na Mahican ní b'fhaide thoir thuaidh. Tháinig na h[[Iroquois]] aneas as na sléibhte Apaláiseacha agus chuir siadsan fúthu in iarthar agus i dtuaisceart Nua-Eabhrac. Cónaidhm de chúig threibh a bhí ann. Chónaíodh ceann díobh, na [[Móháic|Móhácaigh]], taobh thuaidh de na Lenape. I ndiaidh teacht na n-Eorpach, thréig na Tuscarora, treibh Iroquois eile, a ndúiche i [[Carolina Thuaidh]] agus chuir siad fúthu i Nua-Eabhrac mar an séú treibh sa chónaidhm.
 
Ceann de na chéad stáit a cuireadh ar bun i Meiriceá Thuaidh, ainmnítear an stát seo as Cathair [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]]. Ba iad muintir na [[an Ísiltír|na hÍsiltíre]] arna dtúschéad Eorpaogh a chur fúthu sa stát, ag Fort Orange, ar shuíomh [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]] an lae inniu, sa bhliain [[1624]]. Ba iad freisin a chuir cathair [[Nieuw Amsterdam]] ar bun sa bhliain [[1625]], agus de réir an scéil choitinn, cheannaigh [[Peter Minuit]] oileán [[Manhattan]] ó na [[Indiach|hIndiaigh]] ar bheagán áilleagán, arbh fhiú $24 iad. Sa bhliain [[1664]], thug an pobal maoirseacht do [[Sasana|Shasana]] ar an gcathair. Thug siadsan "New York" ar an limistéir in ómós do Dhiúic Eabhrac. Is de bhunús Cheilteach an ainm Eabhrac.
 
Bhí [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] ina phríomhchathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.) ar feadh aistir ghearr i ndiaidh [[Cogadh na Saoirse|Chogadh na Saoirse]]. Bhí an sclábhaíocht coitianta faoi na Dúitsigh agus na Sasanaigh i gCathair Nua-Eabhrac agus ina lán ceantracha faoin tuath. Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht de réir a chéile i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus saoradh an duine deireanach díobh sa bhliain 1827.