An difríocht idir athruithe ar: "Agallamh na Seanórach"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
mNo edit summary
Líne 1:
Is téacs tábhachtach{{fíoras}} é '''Agallamh na Seanórach''' ( Bun-ainm ''Acallam na Senórach'' ) atá ón [[12ú haois]], thart sa bhliain 1175. Is éard atá in Agallamh na Seanórach ná bailiúchán de scéalta agus de dhánta atá faoi [[Fionn mac Cumhaill|Fhionn]] agus imeachtaí na bhfian. Níl sé cinnte cé mhéad mír atá ann ach meastar go bhfuil thart ar 8,000 líne ann. Is frámascéal é an téacs seo agus is féidir laoithe a chur isteach nó a bhaint amach gan dochar ar bith a dhéanamh don téacs. Nascann an t-ábhar agus an modh inste na scéalta agus na dánta. Tá idir 150-200 scéal agus dán sa bhailiúchán seo a thugann léargas dúinn ar eachtraí na bhfian. Sa saothar seo tá níos mó ná aon leagan amháin, tá ceithre leagan ann agus is iad sin ná:
 
# An bunsaothar ar a dtugtar ‘Agallamh na Seanórach’. Is é sin an leagan is tábhachtaí, agus tá thart ar 70,000 focal ann. Is prós formhór an tsaothair- tuairim is 55,000 focal den iomlán. An fuíollach, 15,000 focal filíochta, tá sé roinnte idir 164 laoi a bhfuil idir 1–49 véarsa.