An difríocht idir athruithe ar: "Sergey Dovlatov"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 24 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q141114 (translate me)
mNo edit summary
Líne 1:
Bhí '''Sergey Donatovich Dovlatov''' (nó ''Dovlatov-Mechik'', ''Серге́й Дона́тович Довла́тов'' nó ''Довлатов-Мечик'') ar scríbhneoirí móra na [[An Rúis|RúisiseRúise]] san fhichiú haois. Rugadh in [[Ufa]] ar an [[3 Meán Fómhair]] [[1941]], agus básaíodh i [[Nua-Eabhrac]] é ar an [[24 Lúnasa]] [[1990]].
 
Ba iad tuismitheoirí Dovlatov an stiúrthóir amharclainne Donat Isaakovich Mechik agus an t-eagarthóir liteartha Nora Sergeyevna Dovlatova. Tháinig Sergey Dovlatov chun saoil in Ufa, ach ón mbliain 1944 i leith, bhí cónaí ar an teaghlach i [[Cathair Pheadair|Leningrad]]. Sa bhliain 1959, chuaigh Sergey ag foghlaim an léinn Fhionlannaigh san ollscoil, agus chaith sé dhá bhliain go leith i mbun an staidéir seo. Bhí sé mór le [[Joseph Brodsky]] agus lena lán daoine eile a bhí le dul le scríbhneoireacht agus le filíocht. Níor éirigh an staidéar leis go rómhaith, agus sa deireadh, ruaigeadh as an ollscoil é. Ina dhiaidh sin, b'éigean dó dul sna saighdiúirí, agus chaith sé trí bliana ar fiannas i dtrúpaí na Roinne Gnóthaí Inmheánacha - ina shéiléir, go bunúsach. Nuair a d'fhill sé abhaile, ní raibh deireadh leis na scéalta a bhí le hinsint aige dá chuid cairde i saol na [[litríocht]]a. Thosaigh sé ag staidéar iriseoireachta agus ag scríobh gearrscéalta. Chuaigh sé ag obair i nuachtán na hollscoile teicneolaíochta.