An difríocht idir athruithe ar: "James McNeill Whistler"

Content deleted Content added
defsort
No edit summary
Líne 2:
Péintéir agus eitseálaí [[SAM|Meiriceánach]] ab ea '''James Abbott McNeill Whistler''' (10 Iúil 1834 – 17 Iúil 1903). Rugadh i [[Lowell, Massachusetts|Lowell]], [[Massachusetts]], é ach chaith sé an chuid ba mhó dá shaol mar dhuine fásta i [[Sasana]]. Ní raibh áit ina chuid saothar ealaíne don mhaoithneachas ná le tagairtí mórálta. Chleacht sé "[[ealaín]] ar son ealaíne", agus b'fhearr leis stíl dhíreach neamhornáideach. Tá sé sin le feiceáil ina shíniú, a bhí stílithe i bhfoirm [[Féileacán|fhéileacáin]] a raibh ga righin fada air in áit an eireabaill. Tá clú ar mhórshaothar leis, ''Arrangement in Gray and Black no. 1'' (1871) nó, mar is fearr aithne air, ''Máthair Whistler''. D'éag sé i [[Londain]] Shasana agus é 69 bliana d'aois.
 
==A óige==
Rugadh James Whistler i Lowell, Massachusetts. Innealtóir iarnróid ab ea a athair. Blianta ina dhiaidh sin, agus eisean fásta, thug sé an leabhar gurb i g[[Cathair Pheadair]] sa Rúis a saolaíodh é. D'fhreastail sé ar Acadamh Míleata na Stát Aontaithe ag West Point, Nua-Eabhrac.
Rugadh James Whistler i Lowell, Massachusetts, agus tógadh é i Lowell, Stonington, Connecticut, Springfeld, Massachusetts, agus ansin [[Cathair Pheadair]], sa [[An Rúis|Rúis]]. Innealtóir iarnróid ab ea a athair. Fostaíodh an t-athair ar feadh tamaill chun iarnród a thógáil sa Rúis. Blianta ina dhiaidh sin, agus James fásta, thug sé an leabhar gurb i gCathair Pheadair a saolaíodh é. Dúirt sé go raibh cead aige áit a bhreithe a roghnú agus nárbh é Lowell a rogha.<ref>Lisa N. Peters, James McNeill Whistler, Smithmark, New York, 1996, pg. 4, ISBN 0-7651-9961-0</ref> D'fhreastail sé ar Acadamh Míleata na Stát Aontaithe ag West Point, Nua-Eabhrac.
[[Íomhá:Whistlers Mother high res.jpg|mion|Arrangement in Gray and Black no. 1]]
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
{{síol}}