An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 36:
Polaiteoir, náisiúnaí agus réabhlóidí [[Éire]]annach ab ea í '''Constance Gore-Booth''', níos deireanaí an ''Chuntaois Constance Markievicz'' ([[4 Feabhra]] [[1868]] [[Londain]] – [[15 Iúil]] [[1927]] [[Baile Átha Cliath]]). Áirítear ar laochra náisiúnta na hÉireann í. Is é "Markie'''v'''icz" gnáthlitriú a sloinne a úsáidtear in [[Éire|Éirinn]] sa lá atá inniu ann, ach is é an litriú a úsáidtear sa [[Polainnis|Pholainnis]] ná "Markie'''w'''icz", nó is mar v an Bhéarla a fhuaimnítear w na Polainnise. Nuair a scríobhadh an chéad bheathaisnéis Polainnise fúithi, ba é an leagan a d'úsáid an t-údar ná ''Konstancja Markiewiczowa''.
 
[[Íomhá:Constance2.gif|mion|upright|Constance Markiewicz in éineacht lena hiníon Maeve agus a leasmhac]]
 
== Laethanta a hÓige ==
Line 42 ⟶ 41:
 
== Pósadh agus Luathpholaiteoireacht ==
[[Íomhá:Constance Markiewicz by John Butler YeatsConstance2.jpggif|thumbmion|leftclé|upright|Constance Markiewicz, [[Johnin Butleréineacht Yeats]]lena hiníon Maeve agus a leasmhac]]
Theastaigh ó Constance dul leis an [[ealaín]]. Sa bhliain [[1893]], chuaigh sí ag foghlaim ealaíontóireachta i Scoil Slade i Londain. Ina dhiaidh sin, thug sí aghaidh ar [[Páras|Pháras]], áit ar casadh an Cunta Polannach-Úcráineach Kazimierz Markiewicz (Casimir Dunin-Markievicz) uirthi. Ealaíontóir ab ea é agus baint aige le teaghlach uasal saibhir [[An Pholainn|Polannach]], ach bhí sé pósta cheana féin nuair a fuair sé aithne ar Constance. Sa bhliain [[1899]], áfach, cailleadh a bhean chéile, agus phós sé Constance sa bhliain [[1901]]. Mar sin, rinneadh an Chuntaois Markievicz di.
 
Line 48 ⟶ 47:
 
Sa bhliain [[1908]], chuaigh an Chuntaois go hoscailte le polaitíocht agus le náisiúnachas. Chuaigh sí i [[Sinn Féin]] agus in Inghinidhe na hÉireann (is é sin, Iníonacha na hÉireann, i dteanga chaighdeánaithe an lae inniu), is é sin, gluaiseacht na náisiúnaithe ban. Sa bhliain chéanna, bhí sí ina hiarrthóir don Pharlaimint. Bhí sí le toghadh i ndáilcheantar [[Manchain|Mhanchain]], an áit a raibh [[Winston Churchill]] ina iarrthóir chomh maith. Chaill sí an toghchán, ach mar sin féin, ba mhillteanach an dul chun cinn agus an t-athrú saoil a bhí déanta aici. I rith dhá bhliain, d'iompaigh an Chuntaois ina polaiteoir déanta.
[[Íomhá:Constance Markiewicz by John Butler Yeats.jpg|thumb|upright|Constance Markiewicz, [[John Butler Yeats]]]]
 
Sa bhliain [[1909]], bhunaigh sí [[Fianna na hÉireann]] (is minic a úsáidtear an leagan "Na Fianna Éireann", cé nach bhfuil sé ag teacht le ceart na teanga). Bhí na Fianna an-chosúil le gluaiseacht na nGasóg, a bhí bunaithe ag an Tiarna Baden-Powell, ach má bhí féin, bhí cuma i bhfad ní ba mhíleata ar an ngluaiseacht Éireannach, agus na buachaillí ag foghlaim úsáid a bhaint as na hairm thine, mar shampla. B'é dearcadh [[Pádraig Mac Piarais|Phádraic Mhic Phiarais]] go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis na Fianna agus le [[Óglaigh na hÉireann|hÓglaigh na hÉireann]], ar cuireadh bun leo sa bhliain [[1913]]. Sa bhliain [[1911]], caitheadh an Chuntaois i dtóin phríosúin i ndiaidh di páirt ghníomhach a ghlacadh sna hagóidí in aghaidh chuairt an [[Seoirse V na Ríochta Aontaithe|Rí Seoirse a Cúig]] ar Éirinn. Le linn an [[Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath|Fhrithdhúnta]] sa bhliain [[1913]], chuaigh sí in [[Arm Cathartha na hÉireann|Arm Cathartha]] [[Séamus Ó Conghaile|Shéamuis Uí Chonghaile]], agus í ag reáchtáil cistin anraith le riaradh ar na hoibrithe nach raibh luach a mbia acu.
 
== Éirí Amach na Cásca ==
[[Íomhá:Constance1.jpg|thumb|upright|An Chuntaois faoi shainéide an tsaighdiúra]]
Sa bhliain [[1913]], thug a fear céile a aghaidh ar [[an Úcráin]], agus níor fhill sé riamh. Is féidir go raibh baint éigin le gníomhaíochtaí a mhná leis an éalú seo. Cibé scéal é, bhí an Chuntaois páirteach in [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]], mar shaighdiúir in [[Arm Cathartha na hÉireann]], agus ghoin sí snípéir de chuid Arm Shasana. B'é a col ceathair féin a chimigh í i ndiaidh na gcathanna, agus gearradh breith an bháis di. Ós bean a bhí inti, áfach, mhalartaigh an Ginearál Maxwell pionós an bháis ar phríosúnacht saoil.
 
Scaoileadh an Chuntaois saor ón bpríosún arís sa bhliain [[1917]], nuair a thug rialtas na Breataine Móire ollmhaithiúnas dóibh siúd a throid in Éirí Amach na Cásca. Faoin am seo a d'athraigh an Chuntaois a creideamh ó [[Eaglais na hÉireann]] go [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceachas]].
[[Íomhá:Constance1.jpg|thumb|upright|clé|An Chuntaois faoi shainéide an tsaighdiúra]]
 
== An Chéad Dáil ==