An difríocht idir athruithe ar: "Guayaquil"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3:
 
==Stair==
Bhíodh Indiaigh ina gcónaí insan áit ina bhfuil Guayaquil inniu sular tháinig na hEorpaigh a chéaduair. Dhéanaidís trádáil feadh na cóstaí chomh fada ó dheas le deisceart [[Peiriú|Pheiriú]] agus ó thuaidh le deisceart [[Meicsiceo|Mheicsiceo]]. De réir na leabhar staire, bhunaigh na Spáinnigh an chathair sa bhliain ar 25 Iúil 1534 faoin ainm Santiago de Guayaquil, nó le bheith cruinn, Muy Noble y Muy Leal Ciudad de Santiago de Guayaquil ("Cathair an-uasal agus an-dílis Santiago de Guayaquil").
 
D'fhulaing Guayaquil ionsaithe foghlaithe mara, Sasanaigh sa chuid ba mhó, i luathstair na cathrach.
Chomh déanach le 1709 ghlac drong díobh seilbh ar Guayaquil; d'imigh siad nuair a bhris an calar amach sa chathair. Ar 9 Deireadh Fómhair 1820 d'éirigh cuid de na saoránaigh. Beagnach gan fhoréigean, ghabh siad na hoifigigh Spáinneacha agus d'fhógair Guayaquil a bheith neamhspleách. Céim mhór a bhí ann i gcogadh an neamhspleáchais in Ecuadór.
 
[[Íomhá:Rioguayas.jpg|mion|350px|Guayaquil cois Guayas]]