An difríocht idir athruithe ar: "Jeanne d'Arc"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Ag baint Flag_of_Free_France_1940-1944.svg amach, agus ag chur Flag_of_Free_France_(1940-1944).svg isteach mar ionadúchán. (Scrios [[commons:User:CommonsDeli
Líne 136:
Níorbh fheiminí í Jeanne d’Arc. Bhain sí le traidisiún reiligiúnach a chreid gurbh fhéidir gairm ó Dhia a bheith ag duine ar leith is cuma cén cúlra sóisialta a bhí aige. Dhíbir sí mná ón arm Francach agus is féidir gur bhuail sí leantóir ceanndána campa amháin a bhí ag cur isteach uirthi sa champa leis an taobh cothrom de chlaíomh. In ainneoin sin, ba mhná iad a thug an cúnamh ba thábhachtaí di. Dhearbhaigh [[Yolande d’Aragon]], máthair chéile Rí Shéarlas VII gur mhaighdean í Jeanne d’Arc agus mhaoinigh sí í nuair a d’fhág Jeanne chun dul go Orléans. Bhí Jeanne d’Arc faoi choimeád ag Jeanne de Lucsamburg, aintín le cunta Lucsamburg, i ndiaidh Compiégne. Bhí coiníollacha maireachtála níos fearr ansin aici agus í faoi choimeád agus is féidir gur chuir Jeanne de Lucsamburg moill ar í a thabhairt do na Sasanaigh. Ar deireadh, d’fhógair [[Anne den Bhurgúin]] (an bandiúc Bedford agus bean chéile leasrí Shasana) gur mhaighdean í Jeanne. D’fhógair sí í seo le linn fiosrúchán a cuireadh ar bun roimh an triail. Dá bharr sin, ar chúiseanna teicniúla ní raibh an chúirt in ann diabhlaíocht a chur ina leith. Faoi dheireadh, chuidigh sé seo chun í a ghlanadh ó chúis agus chun naomhacht a bhaint amach. Ó aimsir [[Christine de Pizan]] go dtí an lá atá inniu ann, aithníonn mná í mar dhea-shampa de bhean chrógach agus ghníomhach.
 
[[Íomhá:Flag of Free France (1940-1944).svg|thumb|Bratach rialtas Charles de Gaulle a bhí ar deoraíocht le linn an Dara Cogadh Domhanda. D'úsáid Frithbheartaíocht na Fraince cros Lorraine mar thagairt shiombalach do Jeanne d'Arc.]]
 
Is siombail pholaitiúil í Jeanne d'Arc sa Fhrainc ó aimsir [[Napoleon]]. Dhírigh liobrálaithe aird ar an gcúlra sóisialta umhal ónar shíolraigh sí. Leag coimeádaigh luath béim ar a tacaíocht don mhonarcacht. Ba chuimhin le coimeádaigh níos déanaí a tírghrá. Le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]], bhain an réimeas Vichy agus an [[frithbheartaíocht Fhrancach|fhrithbheartaíocht Fhrancach]] leas as a íomhá: I mbolscaireacht de chuid Vichy, baineadh leas as a feachtas i gcoinne na Sasanach le póstaeir a léirigh eitleáin chogaidh na Breataine i mbun [[Rouen]] a bhuamáil, póstaeir ar teideal tuarúil dóibh: “Filleann siad de shíor ar láthair a gcoireanna.” Dhírigh an fhrithbheartaíocht aird ar a troid i gcoinne forghabháil eachtrach agus a cúlra i gcúige Lorraine, cúige a bhí tar éis titim faoi smacht na [[Naitsithe]].