An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"
Content deleted Content added
Líne 39:
Cuireadh ceithre bhille éagsúla faoi bhráid na parlaiminte i Westminster leis an Rialtas Dúchais a bhaint amach d'Éirinn. Níor tháinig an Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1886 trí Theach na dTeachtaí riamh, ach rinne sé ciolar ciot de rialtas an Pháirtí Liobrálaigh, nuair a thréig na Fuigithe agus na Radacaigh an Páirtí Liobrálach leis an bPáirtí Liobrálach Aontachtaíoch a chur ar bun. Sa deireadh, chuaigh an páirtí seo agus an sean-Pháirtí Coimeádach le chéile, agus fáisceadh an Páirtí Coimeádach Aontachtaíoch astu - sin é an t-ainm atá ar pháirtí coimeádach na Ríochta Aontaithe inniu féin, go hoifigiúil.
Ritheadh an Bille nua um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1893. An turas seo, tháinig sé trí Theach na dTeachtaí, ach ansin, chuir na Tiarnaí cosc leis, nó bhí an Páirtí Coimeádach i bhfad ní ba láidre i measc na dTiarnaí ná i measc na bhFeisirí. Sa bhliain 1914, áfach, chuaigh an tAcht um Rialtas Dúchais na hÉireann ar leabhar na ndlíthe, ó bhí cumhacht lánchoisc na dTiarnaí maolaithe go mór le hAcht na Parlaiminte sa bhliain 1911. Cé go raibh an Rialtas Dúchais ar an leabhar, níor cuireadh i bhfeidhm é riamh, nó níor cheadaigh an Chéad Chogadh Domhanda é. Sa deireadh thiar thall, reachtaíodh Acht nua um Rialtas na hÉireann sa bhliain 1920. B'é an tAcht seo ba chúis le críochdheighilt na hÉireann, nó d'fhoráil sé go mbeadh dhá stát fhéinrialaitheacha ann in áit aon cheann amháin, mar atá, Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann, na hAontachtóirí ina dtromlach thuaidh, agus na Náisiúnaithe theas. Bhí an chríochdheighilt seo leagtha amach i mBille na bliana 1914 féin, mar fhuascailt "shealadach", ach ní raibh sé curtha i bhfoclaibh, cé chomh fada is a mhairfeadh an stádas "sealadach" seo. Mar a thiontaigh an scéal amach, níor tháinig ach Tuaisceart Éireann ar an bhfód, ó bhunaigh na hÉireannaigh a Saorstát féin san áit a raibh an stát Deisceart ceaptha a bheith suite.
|