An difríocht idir athruithe ar: "Plé:Duais Nobel"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 39:
 
Maith thú as "do moladh" a athrú. Maidir le hainm na duaise, ní raibh Felo de Me ach a leanúint den phatrún choitianta anseo agus in áiteanna eile. Tugaim faoi deara gur astrigh Antain Mac Lochlainn ainmneacha duaiseanna Nobel mar seo, "dhá dhuais Nobel, san Fhisic agus sa Cheimic" agus "Duais Nobel san Fhisic" (''Cuir Gaeilge Air'', lgh. 73-74 agus 156-57). Scríobh Mac Lochlainn ''Cruinneas'' chomh maith. Is léir go gceapann cuid mhaith scríbhneoirí maithe, agus fiú saineolaithe ar an Ghaeilge, go bhfuil a leithéid agus "Duais Nobel sa x" ceart nádúrtha. Níor chóir dúinne iad a cheartú. Bunriail na heagarthóireachta gan rud nach bhfuil mícheart a cheartú. [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|talk]]) 15:02, 15 Meán Fómhair 2015 (UTC)
 
 
Sea glactar "duais sa chumadóireacht" .. nach dtuigeann tú an difríocht ?! Mar sin ní fheiceann tú “duais Nobel s–a tsíocháin” áit ar bith ar an idirlíon .. seachas an Vicipéid.. ! Ait ar bith eile (má chreideann tú Google)! .. dochreidte amach is amach !
Feicim ar an idirlíon
“Duais Nobel na Síochána”
agus uaireanta “
ar son na síochána”
Scríobh Matt Hussey…
Leathanach 227 “Roinn sé an chéad Duais Nobel don tsíocháin i 1901”.
Leathanach 256 “Jody Williams, Duais Nobel don tsíocháin i 1997”
Scríobh Matt freisin “s-a tsíocháin” ach bhí sé ag dul ró-thapa ! (deacair an Béarlachas a sheachaint i gcónaí )
Níor mhaith liom faisean nua i scríbhneoireacht na Gaeilge a chruthú !
[[Úsáideoir:TGcoa|TGcoa]] ([[Plé úsáideora:TGcoa|talk]]) 22:25, 17 Meán Fómhair 2015 (UTC)
Return to "Duais Nobel" page.