An difríocht idir athruithe ar: "J.M.Coetzee"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Úrscéalaí, aistí, teangeolaí agus aistritheoir as an Afraic Theas is ea '''John Maxwell "J. M." Coetzee''' (/kʊtˈsiː/, kuut-SEE). Do rugadh é ar an 9ú lá d'F...'
 
Naisc agus íomhá.
Líne 1:
[[Íomhá:JM Coetzee redux.jpg|thumb|J.M. Coetzee (r. 1940)]]
[[Úrscéal|Úrscéalaí]], [[Aiste|aistí]], [[Teangeolaíocht|teangeolaí]] agus [[Aistriúchán|aistritheoir]] as an [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] is ea '''John Maxwell "J. M." Coetzee''' (/kʊtˈsiː/, kuut-SEE). Do rugadh é ar an 9ú lá d'Fheabhra i gcathair [[Cape Town]] na hAfraice Theas, sa bhliain [[1940]]. Cé go bhfuil [[An Béarla|Béarla]], [[An Afracáinis|Afracáinis]] agus [[An Ollainnis|Ollainnis]] ar a thoil aige, is i mBéarla amháin a scríobhann sé a shaothair-se. D'aistrigh sé go cathair [[Adelaide]] na hAstráileh[[An Astráil|Astráile]] sa bhliain 2002, áit ina bhfuil cónaí air ó shin amach, agus d'iompaigh sé ina shaoránach Astrálach sa bhliain 2006.
 
Moladh neart duaiseanna do Choetzee, dhá Dhuais [[Duais Booker|Booker]] (1983 agus 1999), an ''[[Prix Feminia Étranger]]'' (1985) agus [[Duais Nobel sa Litríocht|Duais Nobel don Litríocht]] ina measc. Ba é sa bhliain 2003 a moladh Duais Nobel don Litríocht dó.
 
Is iad ''[[In the Heart of the Country]]'' (1977), ''[[Waiting for the Barbarians]]'' (1980), ''[[Life & Times of Michael K]]'' (1983) agus ''[[Disgrace]]'' (1999) cúpla ceann desna úrscéalta is iomráití dá chuid.