An difríocht idir athruithe ar: "J.M.Coetzee"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
[[Úrscéal|Úrscéalaí]], [[Aiste|aistí]], [[Teangeolaíocht|teangeolaí]] agus [[Aistriúchán|aistritheoir]] as an [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] is ea '''John Maxwell "J. M." Coetzee''' (/kʊtˈsiː/, kuut-SEE). Do rugadh é ar an 9ú lá d'Fheabhra i gcathair [[Cape Town]] na hAfraice Theas, sa bhliain [[1940]]. Cé go bhfuil [[An Béarla|Béarla]], [[An Afracáinis|Afracáinis]] agus [[An Ollainnis|Ollainnis]] ar a thoil aige, is i mBéarla amháin a scríobhann sé a shaothair-se. D'aistrigh sé go cathair [[Adelaide]] na h[[An Astráil|Astráile]] sa bhliain 2002, áit ina bhfuil cónaí air ó shin amach, agus d'iompaigh sé ina shaoránach Astrálach sa bhliain 2006.
 
Moladh neart duaiseanna do Choetzee, dhá Dhuais [[Duais Booker|Booker]] (1983 agus 1999), an ''[[Prix FeminiaFemina Étranger]]'' (1985) agus [[Duais Nobel sa Litríocht|Duais Nobel don Litríocht]] ina measc. Ba sa bhliain 2003 a moladh Duais Nobel don Litríocht dó.
 
Is iad ''[[In the Heart of the Country]]'' (1977), ''[[Waiting for the Barbarians]]'' (1980), ''[[Life & Times of Michael K]]'' (1983) agus ''[[Disgrace]]'' (1999) cúpla ceann desna úrscéalta is iomráití dá chuid.