Content deleted Content added
Líne 17:
 
Tá a lán le ceartú ar an Vicipéid s'againne—go díreach mar a bhíonn a lán droch-Bhéarla le ceartú ar Vicipéid an Bhéarla (idir an Bhéarla liobarnach ag cuid de na cainteoirí dúchais agus dhroch-Bhéarla na ndaoine nach bhfuil Béarla ón chliabhán acu). Aontaím leat go gcaithfidh muid a bheith faichilleach cúramach. Tú féin san áireamh. Níor cheart duit "moladh" a athrú in cupla dosaen alt de chuid Felo de Me gan ar a laghad féachaint in Ó Dónaill. Agus níor cheart duit "Duais Nobel sa Litríocht" a athrú in cupla scór alt gan an cheist a phlé leis na daoine eile anseo ar dtús. Cathfidh a bheith ábalta na botúin a cheartú. Ceartaíonn tú rudaí nach bhfuil mícheart agus ní thugann tú faoi deara fíorbhotúin go díreach in aice leo (féach [[San Francisco]]. Níl mé ag rá go gcaithfidh tú a bheith foirfe (déanaimse féin botúin ach má cheartaím 15 nó 20 earráid ar achan cheann a dhéanaim, sin dul chun cinn). Tá mé ag iarraidh ort gan ach botúin shoiléire a cheartú. [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|talk]]) 19:40, 19 Meán Fómhair 2015 (UTC)
 
 
 
 
Bhuel ní bheidh iontas ort go bhfuil barúil eile agam. Dúirt tú go raibh tú amhrasach faoi céard tá cruinn / míchruinn. Agus dá bharr sin, ní maith leat athruithe a chur ar leathanaigh a scríobh na saineolaithe móra, athruithe ó bhun go hairithe. Mar sin, tá stíl imchoimeádach agat le do chuid eagarthóireachta (m. sh. na leathanaigh thuas a luaigh tú).
 
Tá tú “ag iarraidh orm gan ach botúin shoiléire a cheartú”. Tá a fhios agat go bhfuil drochíomhá ag Vicipéid i measc pobal na Gaeilge. Ta an stíl tábhachtach (go háirithe má tá teideal i gceist). Caithfidh an eagarthóireacht a bheith níos sáití i mo thuairim féin más féidir (ok easpa ama, easpa eolais srl)
 
Agus bímis foirfe, le do thoil! Ná habair nár chaith me súil ar Ó Donaill. Níl a fhios dá laghad agat... & is cuma.
Taispeáin dom an frása “d-o mol” ar an idirlíon le do thoil. Mar a dúirt mé, b’fhéidir go bhfuil “d-o mol” “ceart” (Muimhneach b’fhéídir) .. níl a fhios agam (gabh mo leithscéal ach níl ionam ach foghlaimeoir).
Ach creidim go bhfuil mo chuid eagarthóireachta beagnach 100% “ceart” (ok ionadúil b’fhéidir i gcásanna áirithe .. ach gan botún). Fíor nó bréagach?! Más fíor & sa chiall sin, is mise atá cúramach i ndáiríre.
 
*** “leis na daoine eile anseo”, a dúirt tú. Cé eile atá anseo?! Is dócha go bhfuil tú i do riarthóir. Agus i d’aonar freisin na laethanta seo? Mar sin, léiriú aonair agatsa ag an am seo?
Cinnte is soiléir go ndéanann tú sár-obair anseo, & faigheann tú buíochas ar bith is dócha. Tá súil agam go mbeidh muid in ann daoine eile a tharraingt, Gaeilge chruinn acu, chun eagarthóireacht a dhéanamh. Aon smaoineamh conas é a dhéanamh? Beir bua! Ciarán
[[Úsáideoir:TGcoa|TGcoa]] ([[Plé úsáideora:TGcoa|talk]]) 00:32, 20 Meán Fómhair 2015 (UTC)