An difríocht idir athruithe ar: "Jacob Grimm"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 12:
}}
 
Rugadh '''Jacob Ludwig Carl Grimm''' ([[4 Eanáir]], [[1785]] - [[20 Meán Fómhair]] [[1863]]) in Hanau sa [[Hessen]]. Le cúnamh a dhearthár, [[Wilhelm Grimm]], chnuasaigh sé agus d’fhoilsigh finscéalta meallacacha a thíre dúchais. Ar Eolaseolas i dtosach báire mar ''"Deutsche Sagen"'', bhí siad chomh taitneamhach san i mbéal an phobail go ndearnadh nathán buan chlúiteach dá shloinne.
 
Tá eolas leathan ar shloinne Ghrimm agus tugtar ard-urraim dó ar fud an domhain inniu mar údar na bhfinscéal draíochtúil úd ''Plúirín sneachta'', ''Hansel is Gretel'', agus mar sin de. Go cinnte thug siad seo aoibhneas sceitimíneach agus drithlíní gliondar gan teora i saol “ligimis orainn” na bpaistí leis na cianta. Ní hionadh go bhfuil díon chroí na hóige i ngach aird bainte amach aige, agus bá acu leis dá réir.
Líne 20:
Ar ball, tar éis tuilleadh blianta diana staidéir, chum sé saothar scolártha eile fé ''Bunús Teanga''. Thug sé fíor-shuntas dó mar duine de na scoláirí teangeolaíocha dearscnaithe lena linn. Chuir an saothar mion chúiseach seo fé ealaín teanga tús le nua-raonta staidéir sa bhfocleolaíocht. Níl ach a laghad de shamhail Ghrimm sa raon staidéir seo, admhaítear.
 
Ar deireadh thiar, chaith sé a dhúthracht ar fhoclóir Gearmáinise cuimsitheach a chur le cheile – an ''Deutsche Worterbuch'', mar a thug sé air. Bíodh gur shaothraigh sé gan stad gan staonadh go ceann aon bhliain déag ní raibh sé críochnaithe aige nuair tháinig an bás air i [[1863]]. Bhí sé 78 mbliana d’aois an tamt-am úd. Chríochnaigh scoláirí GearmáineachaGearmáineach a é i rith [[1961]], ámh.
 
Gan dabht ar bith, chuir Jacob Grimm go mór le litríocht an domhain, mar bhéaloideasaí, scéalaí, agus sár-fhocleolaí. Beidh buan-cuimhne an phobail air i gcónaí le fíor-mheas agus buíochas – agus le gáirí pléisiúir na hóige, chomh maith.