An difríocht idir athruithe ar: "Criptiúchán"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Sa chripteagrafaíocht, is éard is '''criptiúchán''' ann ná an próiseas i gcomhair teachtaireachtaí nó faisnéise a hionchódú ar bhealac...'
(No difference)

Leagan ó 17:34, 23 Meán Fómhair 2015

Sa chripteagrafaíocht, is éard is criptiúchán ann ná an próiseas i gcomhair teachtaireachtaí nó faisnéise a hionchódú ar bhealach nach féidir ach le páirtithe údaraithe iad a léamh. Ní ghaireas idircheaptha teachtaireachtaí é criptiúchán, ach bíonn ábhar na teachtaireachta a cheilt ar an idircheapóir. I scéim chriptiúcháin, criptítear an t-eolas cumarsáide nó an teachtaireacht atá beartaithe, dá dtagraítear mar glantéacs, ag baint leasa as algartam criptithe, a chruthaíonn rúntéacs nach féidir a léamh ach amháin nuair a bhíonn sé díchriptithe. Ar chúiseanna teicniúla, de gnáth úsáideann scéim criptithe eochair chriptiúchán bréag-randamach a ghineann algartaim. I bprionsabal is féidir an teachtaireacht a dhíchriptiú gan an eochair, ach, i gcomhair scéim criptithe dea-dheartha, bíonn mór-acmhainní ríomhaireachta agus scil ag teastáil. Is féidir le faighteoir údaraithe dhíchriptiú a bhaint amach go héasca ar an teachtaireacht leis an eochair a sholáthraíonn an tionscnóir don fhaighteoirí, ach ní do idircheapóirí neamhúdaraithe.