An difríocht idir athruithe ar: "Frederick Douglass"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 17:
Daonuasclóir, leasaitheoir sóisialta, údar, agus óráidí [[SAM|Meiriceánach]] ab ea '''Frederick Douglass''' (a rugadh mar '''Frederick Augustus Washington Bailey''' i mí Feabhra, [[1818]] – [[20 Feabhra]] [[1895]]). Rugadh Douglass mar sclábhaí i gContae Talbot i [[Maryland]]. Scríobh sé roinnt dhírbheathaisnéisí a raibh an-tóir orthu. Fuair sé bás i [[Washington, D.C.]].
 
Bhí úinéirí agus maoir éagsúla ar Douglass, agus cuireadh é ag obair d'fhir eile fós uaireanta, freisin. I ndiaidh drochíde a fhulaingt uathu go léir agus le cuidiú bean ghorm shaor a thit sé i ngrá léi, d'éirigh le Douglass éalú ar bord traenach. Ar dtús, bhain sé [[Delaware]], stát ina raibh sclábhaíocht ar siúl, amach. D'fheistigh sé é féin mar mhairnéalach agus, le cuidiú cáipéisí bréagacha, thug sé aghaidh ar [[Pennsylvania|Phennsylvania]], stát saor.
 
Thug Douglass cuairt ar an mBreatain agus ar [[Éirinn]] sna blianta 1845–47, mar ar éirigh sé mór le [[Daniel O'Connell]].
 
==A luathshaol==
Líne 28:
Thosaigh Sophia Auld, bean Hugh, ag múineadh na haibítre do Douglass nuair a bhí sé 12 bhliain d'aois ach chuir Hugh Auld stad leis sin chomh luath agus a chuir sé faoi deara a bhí ar siúl acu. Lean an buachaill ag foghlaim as a stuaim féin agus ó pháistí geala sa chomharsanacht. Tugadh léasadh dó babhta amháin nuair a chonacthas é ag léamh páipéir nuachta.
[[Íomhá:Unidentified Artist - Frederick Douglass - Google Art Project-restore.png|mion|clé|Frederick Douglass, timpeall 29 bliana d'aois]]
 
==Éalú ón sclábhaíocht==
Rinne Frederick Douglass iarrachtaí éalú, an chéad uair ó fhear darbh ainm Freeland ar tugadh Douglass ar iasacht dó and an dara huair ó úinéir nua, Edward Covey, sa bhliain 1836. Theip air sa dá iarracht. Sa bhliain 1837 casadh Ann Murray air, bean ghorm shaor as Baltimore a bhí 5 bliana ní ba shine ná é. Ar an 3 Meán Fómhair, 1838, d'éirigh leis éalú ar bord traenach le cuidiú Murray agus duine eile. D'imigh sé ón traein agus é i Maryland go fóill. Bhí sé feistithe mar mhairnéalach agus, le cuidiú cáipéisí bréagacha, rinne sé a bhealach ó thuaidh go hindíreach trí [[Delaware]], stát eile ina raibh sclábhaíocht ar siúl, agus ansin go [[Philadelphia]] agus [[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]]. Sa chathair seo mhothaigh sé go raibh sé saor. Le cabhair daonuasclóir thug sé faoi shaol nua. Phós seisean agus Ann Murray ar 15 Meán Fómhair 1838, agus chuir siad fúthu i [[New Bedford, Massachusetts]].
 
 
==Naisc sheachtracha==