An difríocht idir athruithe ar: "Mars (pláinéad)"

Content deleted Content added
No edit summary
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Líne 119:
 
=== An tAtmaisféar agus an aeráid ===
{{Príomhalt|Atmaisféar agus aeráid Mharsa}}
 
Tá 10% de thoirt [[an Domhan|an Domhain]] i Mars, agus 25% dá achar dromchla. Tá atmaisféar ag Mars, ach tá sé fíorthanaí. Tá meánbhrú an atmaisféir ar dhromchla Mharsa timpeall ar 750 Pa, nó thart ar 0.75% de ghnáthbhrú an atmaisféir ar dhroim an Domhain seo againn. Ón taobh eile, tá an t-atmaisféar seo ag tanú níos maille ná ár n-atmaisféar féin ag dul suas ó dhromchla an phláinéid. [[Dé-ocsaíd charbóin]] go príomha atá ann, [[nítrigin]] atá i 3% de, agus [[argón]] atá i 1.6%. Fosta, tá [[meatán]] agus [[ocsaigin]] i láthair, chomh maith le triathgháis eile seachas an t-argón - is é sin, neon, crioptón agus xeanón, nó níl imtharraingt Mharsa in ann gás chomh héadrom le héiliam a choinneáil ó éalú go dtí an spás. Ar an gcúis chéanna, níl hidrigin shaor le fáil in atmaisféar Mharsa ach an oiread.