An difríocht idir athruithe ar: "Aingíne chléibh"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Angina_pectoris.png|deas|250px|thumb|Aingíne chléibh]]
Pianta sa chliabh, agus uaireanta sna gialla is an ghéag uachtarach chlé, agus an [[mothúchán]] go bhfuil sé á mhúchadh, a tharlaíonn do dhuine a dteipeann an soláthar ocsaigine do mhatáin an chroí air. Tarlaíonn an teip seo de bharr cúngú nó bac éigin in [[artaire]] corónach, mar shampla, de bharr plaice artaireascléaróisí. Is é gnáthghnó artaire chorónaigh ar leith [[fuil]] ocsaiginithe, agus mar sin [[ocsaigin]], a sholáthar do chuid ar leith de mhatán an chroí. Tarlaíonn an phian seo tar éis roinnt aclaíochta den chuid is mó, agus cuirtear chun suain é le babhta scíthe. Déanann córacha leighis atá bunaithe ar [[níotráit]], ina measc nítriglicirín, matáin an chroí a bhogadh is na [[fuileadáin]] iontu a leathadh amach ionas go dtugann siad faoiseamh sciobtha ar aingíne chléibh. Tá córacha leighis ann, na [[béite-bhlocálaithe]], a fheidhmíonn i gcoinne [[aidréanailín]] (hormón a thálann an croí go nádurtha chun bualadh an chroí a thapú) agus mar sin a mhoillíonn an croí is a laghdaíonn gá ocsaigine an chroí. Uaidh sin, tugann siad faoiseamh ar na pianta seo.