An difríocht idir athruithe ar: "Ainéistéisigh áitiúla"

Content deleted Content added
m nasc níos fearr
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Struktur-Lokalan%C3%A4sthetika.png|deas|250px|thumb|Ainéistéisigh áitiúla]]
Drugaí a chuireann cailliúint shochúlaithe mothúcháin i bhfeidhm ar réigiún nó ball colainne trí bhac a chur ar na néar-ríoga ón réigiún sin don [[inchinn]]. Déantar é seo trí [[instealladh]] ag ionad na hobráide (taobh le [[fiacail]] atá le stoitheadh, mar shampla), in aice príomhstoic néarógaigh (in obráid ar ghéag, mar shampla), nó idir veirteabraigh ar leith an dromlaigh (mar a dhéantar in [[Ainéistéiseach eipeadúrach|ainéistéise eipeadúrach]]). Ba é cócaon an chéad ainéistéiseach áitiúil, a tugadh isteach sna [[1880í|1880idí]], ach tá a úsáid sin imithe in éag mar thoradh ar fhadhbanna andúile is tocsaineachta. I measc na n-ainéistéiseach áitiúil is coitianta tá prócaon, ligneacaon is beinseacaon.