An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
Líne 42:
 
Is iomaí cúis a bhí ag na hAontachtóirí le bheith drochamhrasach i leith an Rialtas Dúchais. Iad siúd a bhí ina nAontachtóirí i gCúige Mumhan, i gCúige Laighean, nó i gCúige Chonnacht, ba tiarnaí talún iad a raibh eagla orthu go ngearrfadh parlaimint na Náisiúnaithe cánacha móra orthu. B'eagal le cuid acu freisin go dtapódh na Caitlicigh an deis anois le Péindlíthe dá gcuid féin a imirt ar na Protastúnaigh, cosúil leis na Péindlíthe a bhí i bhfeidhm leis na Caitlicigh a choinneáil faoi smacht, lá den saol. Cuid eile, bhí siad chomh doirte don Choróin agus don Ríocht Aontaithe is go raibh drogall orthu roimh aon athrú a thiocfadh ar stádas bunreachtúil na hÉireann. Ní hionann an méid sin, áfach, agus a rá gur Aontachtóir ab ea é gach Protastúnach san am, nó nach raibh ach uaisle ag tacú leis an Aontacht. Bhí Aontachtóirí le fáil i measc an lucht oibre agus na meánaicmí chomh maith, agus d'fhéadfá teacht ar an gcorr-Chaitliceach a bhí tar éis a chuid féin a dhéanamh de dhearcadh polaitiúil na n-uasal. Ón taobh eile de, bhí a lán Protastúnach - daoine cosúil le Charles Stewart Parnell - ag taobhú leis an Rialtas Dúchais. Cúrsaí eacnamaíochta ba mhó a bhí ag déanamh scime d'Aontachtóirí áirithe i gCúige Uladh. Bhí siad barúlach, dá mbeadh parlaimint Náisiúnaíoch i mBaile Átha Cliath ag rialú na tíre, go mbeadh an chuid ba mhó d'Fheisirí na parlaiminte sin dall ar fad ar shainriachtanaisí na tionsclaíochta, ós rud é gurbh í an talmhaíocht an tslí bheatha ba tábhachtaí sa chuid eile den oileán.
 
Cé gurbh é Cúige Uladh dúshraith na hAontachtóireachta roimh an mbliain 1920 féin, b'as an gcuid eile d'Éirinn a tháinig ceannairí an Pháirtí Aontachtaích sa tréimhse sin féin. B'é Sior Edward Carson, an dlíodóir ó Bhaile Átha Cliath, an ceannaire ba tábhachtaí san am sin. Ní hamháin go raibh sé ag cur in aghaidh an Rialtas Dúchais, thairis sin theastaigh uaidh gach iarraidh chun críochdheighilt a chur i bhfeidhm ar Éirinn a stopadh.
 
Sa bhliain 1911, baineadh cuid mhór dá chumhacht de Theach na dTiarnaí, agus tháinig an chuma ar na cúrsaí nach raibh an Rialtas Dúchais inseachanta a thuilleadh. Ansin, chuir na hAontachtóirí, go háirithe na hAontachtóirí Ultacha, feachtas ar obair in aghaidh an Rialtas Dúchais - "rialtas na Róimhe", mar a deiridís féin (''Home Rule is Rome Rule''). Bhí siad, fiú, ag bagairt go gcuirfidís ar bun rialtas sealadach dá gcuid féin do Chúige Uladh dá dtiocfadh an Rialtas Dúchais ar an bhfód. Bhunaigh siad mílíste - Óglaigh Uladh - agus d'iompórtáil siad 25,000 raidhfil ó Impireacht na Gearmáine le cath a chur in aghaidh an Rialtas Dúchais agus ar son a rialtais shealadaigh féin, mura mbeadh aon bhealach éalaithe eile ann.
 
I lár na bliana 1914, bhí 90,000 fear earcaithe san fhórsa. Ó na 1880idí go dtí an bhliain 1914, bhí polaiteoirí móra Coimeádacha ag tacú leis na hAontachtóirí, go háirithe an Tiarna Randolph Churchill agus Andrew Bonar Law, a bhí lena sheal a chaitheamh ina Phríomh-Aire ar an mBreatain Mhór an lá ab fhaide anonn. Chualathas sluaghairmeanna cosúil le ''Cuirfidh Ulaidh cath agus beidh an lá ag Ultaibh'', agus iad ag tabhairt le fios go raibh na hAontachtóirí meáite ar an Rialtas Dúchais a throid, beag beann ar an deachú.
 
===Tuaisceart Éireann===