An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
Líne 50:
 
===Tuaisceart Éireann===
 
Sa bhliain 1920, bunaíodh stáitín Thuaisceart Éireann, a raibh formhór a mhuintire ina nAontachtóirí, de réir mar a d'fhoráil an tAcht um Rialtas na hÉireann. Bhí sé ceaptha stát féinrialaitheach eile, Deisceart Éireann, a chruthú sa chuid eile den oileán, ach san am seo, bhí na hÉireannaigh Chaitliceacha tar éis droim láimhe a thabhairt leis an Rialtas Dúchais mar aidhm pholaitiúil san am seo, agus iad ag éileamh stát neamhspleách dá gcuid féin. Sa deireadh thiar, tháinig Saorstát Éireann ar an bhfód sa Deisceart. Ní raibh na hAontachtóirí ina dtromlach, go beacht barainneach, ach i gceithre chontae, mar atá, [[Contae Aontroma|Aontroim]], [[Contae Dhoire|Doire]], [[Contae an Dúin|an Dún]] agus [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]], ach mar sin féin, choinnigh siad seilbh ar [[Contae Fhear Manach|Fhear Manach]] agus ar [[Contae Thír Eoghain|Thír Eoghain]] chomh maith.
Ó tharla go raibh na contaetha fairsinge seo an-ghann i ndaonra i gcomparáid leis an gceithre chontae eile, bharúil na hAontachtóirí gurbh fhiú an beagán Caitlicigh bhreise a ligean isteach, agus na tailte móra sin ag dul leo. Mar sin féin, fágadh trí chontae eile Chúige Uladh, mar atá, [[Contae Dhún na nGall|Dún na nGall]], [[Contae Mhuineacháin|Muineachán]], agus [[Contae an Chabháin|an Cabhán]], taobh amuigh de stáitín an Tuaiscirt agus den Ríocht Aontaithe féin. Na hAontachtóirí a raibh cónaí orthu sna contaetha seo, ba mhór an drochbhuille dóibh é. D'fhéach siad le háitiú ar a gcomh-Aontachtóirí an teorainn a athrú, ach ní raibh gar ann. Cuid mhaith acu, chuaigh siad sna B-Speisialaigh le cuidiú leis an stát nua, cé gur fhan siad féin ina gcónaí sa Saorstát.
 
D'áitigh Edward Carson ar James Craig, an chéad Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann, féachaint chuige go bhfaighfeadh na Caitlicigh thuaidh cothrom na Féinne ó rialtas an stáit nua, ionas nach gcuirfidís síocháin na sochaí ó mhaith. Ní mar sin a d'iompaigh na cúrsaí amach, áfach. Bhí leatrom á imirt ar na Caitlicigh, cé gur ábhar conspóide é i gcónaí, cé chomh coitianta a bhí sé i ndáiríre. Bhí Basil Brooke, arbh é an tríú Príomh-Aire ar an Tuaisceart é, drochamhrasach i leith an phobail Chaitlicigh, ó mharaigh na Poblachtánaigh col ceathair leis, agus iad ag bagairt go gairid ina dhiaidh sin go bhfuadóidís a mhac. Dúirt Brooke go hoscailte nár chóir do na fostóirí Protastúnacha jabanna a thabhairt ach don lucht oibre Protastúnach. Rinneadh claonroinnt ar na toghlaigh agus ar na dáilcheantair freisin lena chinntiú go bhfaighfeadh na hAontachtóirí a gcuid iarrthóirí isteach fiú in áiteanna a raibh pobail mhóra Chaitliceacha iontu. Ón taobh eile de, bhí an bochtanas coitianta go leor i measc na bProtastúnach féin, agus nuair a d'ionsaigh buamadóirí na Gearmáine Béal Feirste sa bhliain 1941, tháinig sé chun solais le linn na n-oibreacha réitithe ná go raibh lucht oibre an dá phobal go mór mór faoi leatrom.
 
===Na Trioblóidí===