An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"
Content deleted Content added
Líne 57:
D'áitigh Edward Carson ar James Craig, an chéad Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann, féachaint chuige go bhfaighfeadh na Caitlicigh thuaidh cothrom na Féinne ó rialtas an stáit nua, ionas nach gcuirfidís síocháin na sochaí ó mhaith. Ní mar sin a d'iompaigh na cúrsaí amach, áfach. Bhí leatrom á imirt ar na Caitlicigh, cé gur ábhar conspóide é i gcónaí, cé chomh coitianta a bhí sé i ndáiríre. Bhí Basil Brooke, arbh é an tríú Príomh-Aire ar an Tuaisceart é, drochamhrasach i leith an phobail Chaitlicigh, ó mharaigh na Poblachtánaigh col ceathair leis, agus iad ag bagairt go gairid ina dhiaidh sin go bhfuadóidís a mhac. Dúirt Brooke go hoscailte nár chóir do na fostóirí Protastúnacha jabanna a thabhairt ach don lucht oibre Protastúnach. Rinneadh claonroinnt ar na toghlaigh agus ar na dáilcheantair freisin lena chinntiú go bhfaighfeadh na hAontachtóirí a gcuid iarrthóirí isteach fiú in áiteanna a raibh pobail mhóra Chaitliceacha iontu. Ón taobh eile de, bhí an bochtanas coitianta go leor i measc na bProtastúnach féin, agus nuair a d'ionsaigh buamadóirí na Gearmáine Béal Feirste sa bhliain 1941, tháinig sé chun solais le linn na n-oibreacha réitithe ná go raibh lucht oibre an dá phobal go mór mór faoi leatrom.
Dúirt David Trimble, a bhain amach duais Nobel san obair ar son na síochána, gur "fuar an fháilte a bhí roimh an gCaitliceach i dteach an Tuaiscirt" an chuid ba mhó den fhichiú haois, agus é ag maíomh gur ceann de chuspóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta ab ea é athrú cuma a chur ar na cúrsaí seo. Is iomaí Aontachtóir, áfach - go háirithe na hAontachtóirí Daonlathacha - a deir nach raibh leatrom á imirt ar na Caitlicigh ach go hócáidiúil, agus gur fhág trioblóidí na heacnamaíochta an dá phobal i ndrocháit.
|