An difríocht idir athruithe ar: "Gottlieb Daimler"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 7:
Chaith sé tréimhsí ag obair i [[Sasana]], sa [[An Fhrainc|bhFrainc]] agus sa [[An Bheilg|Bheilg]] le barrfheabhas a chur ar a chuid ceardaíochta. Fuair sé post ansin i gceann de na tionscail ba mhó sa Ghearmáin lena linn. Sa bhliain 1872, bhunaigh tionsclóir saibhir Gearmánach monarcha inneall. Roghnaigh sé Daimler agus tionsclóir cáiliúil eile, Nicolas Otto, Gearmánach, mar chomhairleoirí teicneolaíochta. D'éirigh le Daimler agus Otto inneall ceithre shorcóir a cheapadh. Ba é an t-inneall seo bunús an ghluaisteáin. Ní fhéadfadh an bheirt acu obair as lámh a chéile, áfach - amhail mar a tharla i gcás go leor eile d'intleachtóirí móra an domhain.
 
D'éirigh Daimler as an bpáirtíocht agus bhunaigh sé saotharlann dá chuid féin in [[Cannstatt]]. Mí na Nollag 1883, bhain sé [[paitinn]] amach ar inneall ardluais a oibreoidh ar [[botáille|bhiotáille]].
 
Leagan simplí den inneall gluaisteáin atá againn sa lá atá inniu ann ba ea inneall Daimler. Ar shorcóir agus ar loine a oibríodh sé. Bhí dhá oscailt aeraithe sa sorcóir, ceann amháin acu chun an meascán d'aer agus gas a réiteach. Trín cheann eile a scaoiltí amach an [[gas]] ídithe.
 
Níorbh fhada go raibh sé ar chumas Daimler na hinnill seo a olltáirgeadh agus d'éirigh sé as feidhm a bhaint as biotáille agus chuaigh sé i mbun [[artola]]. Is mar sin a d'éirigh leis a chéad gluaisteán a chur i dtoll a chéile. Bhí na hinnill seo an-chosúil leis an "''landaus''" a bhaineadh feidhm astu ag an am ach níor ghá [[capall|capaill]] chun iad a tharraingt.
 
Tháinig tuilleadh forbartha fós ar mhonarcha Daimler agus níorbh fhada go raibh rothair ghluaiste[[gluaisrothar|gluaisrothair]], báid innill agus [[riancharr|riancharranna]] aá ndéanamh. Rinneadh [[éadromán|éadromáin]] fhaire fiú a oibríodh ar chumhacht an ghluaisteáin.
 
Faoin mbliain 1900 - go gairid sular cailleadh Daimler - bhí an chéad gluaisteán foirfe curtha ar fáil aige. Bhí an Mercedes, a léiríodh ag Aonach Phárais déanta de [[cruach|chruach]] agus bhí sé níb éadroma agus níba dheachumtha ná gluaisteán ar bith go nuige sin. Tháinig an-rath ar an Mercedes agus leathnaigh tionscal an ghluaisteáin ar fud an domhain.