An difríocht idir athruithe ar: "Daonra na hAsarbaiseáine"
#100vikigün #100wikidays multilingual üçün |
(No difference)
|
Leagan ó 19:06, 26 Deireadh Fómhair 2015
Timpeall chasadh na mílaoise, bhí 9.6 milliún (2015) duine ina gcónaí san Asarbaiseáin, agus naonúr duine as gach deichniúr acu ina nAsarbaiseánaigh ó thaobh na teanga is an dúchais de.
Is iad na Rúisigh an dara dream eitneach is mó, ach inniu, tá cuid mhór acu tar éis filleadh ar an Rúis, agus mar sin, níl ach 1.8 % de dhaonra na tíre ina Rúisigh inniu. Thairis sin, tá cuid mhór náisiúnachtaí beaga de chuid na Cugaise ag cur fúthu, mar Leisgínigh, Talaoisigh, Avaraigh, Sachúraigh, Búdúchaigh, Udi, agus eile. Tá Giúdaigh bhundúchasacha ina gcónaí timpeall Quba in Oirthuaisceart na hAsarbaiseáine, agus an teanga Tat á labhairt acu. Is teanga Iaránach í.
Bhí mionlach mór Airméanach san Asarbaiseáin sular phléasc an cogadh amach idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, ach d'éalaigh an mionlach seo go dtí an Airméin - cé is moite díobh siúd a raibh cónaí orthu in Karabagh féin, an limistéar atá forghafa ag fórsaí Airméanacha anois.
Muslamaigh is ea iad 93.4 % de dhaonra na hAsarbaiseáine, an chuid is mó acu ina Muslamaigh Shítheacha. Tá an tIoslam Sunnach, Eaglais Ortadocsach na Rúise, an Giúdachas agus seicteacha beaga Muslamacha agus Críostaí le fáil sa tír freisin. An chuid is mó de na hAsarbaiseánaigh, áfach, ní chloíonn siad go ródhian leis an Ioslam.
Tá an pobal i gcoitinne
Bliain | 1897 | 1908 | 1911 | 1917 | 1920 | 1923 | 1924 | 1930 | 1940 | 1941 | 1942 | 1943 | 1944 | 1945 | 1946 | 1947 | 1948 | 1949 | 1950 | 1960 | 1970 | 1980 | 1990 | 2000 | 2009 | |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Townspeople[1] | 305.1 | - | - | 560.2 | 405.8 | 486.0 | - | 750.9 | 1212.0 | 1239.8 | 1195.5 | 1138.1 | 1105.8 | 1118.5 | 1159.9 | 1163.1 | 1110.1 | 1149.1 | 1252.3 | 1835.2 | 2564.6 | 3247.5 | 3847.3 | 4116.4 | 4818.7 | |
Daonra tuaithe[1] | 1501.6 | - | - | 1793.5 | 1546.4 | 1377.0 | - | 1818.6 | 2062.0 | 2092.0 | 1961.6 | 1780.0 | 1670.9 | 1587.1 | 1574.6 | 1577.4 | 1589.2 | 1583.5 | 1606.6 | 1980.5 | 2552.5 | 2866.8 | 3284.6 | 3916.4 | 4078.6 | |
Iomlán[1] | 1806.7 | 2014.3 | 2056.5 | 2353.7 | 1952.2 | 1863.0 | 2128.7 | 2569.5 | 3274.0 | 3331.8 | 3157.1 | 2918.1 | 2776.7 | 2705.6 | 2734.5 | 2740.5 | 2699.3 | 2732.6 | 2858.9 | 3815.7 | 5117.1 | 6114.3 | 7131.9 | 8032.8 | 8896.9 |
Tagairtí
Naisc sheachtracha
- Azərbaycan Respublikası Dövlət Statistika Komitəsi (azərbaycan və ingilis dillərində)
- Azərbaycan Respublikasının İnsan Hüquqları üzrə Müvəkkili (azərbaycan və ingilis dillərində)
- Azərbaycan Respublikasının Dövlət Miqrasiya Xidməti (azərbaycan, rus və ingilis dillərində)
- Azərbaycan Respublikası Dövlət Məşğulluq Xidməti (azərbaycan dilində)