An difríocht idir athruithe ar: "Na Ceithre Cúirteanna"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 11 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1439960 (translate me)
→‎Léirscrios an Fhoirgnimh sa Chogadh Cathartha: Added Cathartha (Civil), focal atá riachtanach sa chomhthéacs.
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 2:
Is iad na '''Ceithre Cúirteanna''' an príomhshuíomh cúirte i b[[Poblacht na hÉireann]], atá suite i m[[Baile Átha Cliath]]. Is iad na cúirteanna atá le fáil san fhoirgneamh inniu ná [[an Chúirt Uachtarach]], an [[Ard-Chúirt (Éire)|Ard-Chúirt]], agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil. B'é an t-ailtire iomráiteach [[James Gandon]] a dhear an áit, agus tógadh sna blianta ó [[1796]] go dtí [[1802]] í. Is iad na cúirteanna as ar ainmníodh an foirgneamh ná an tSeansaireacht, Binse an Rí, Cúirt an Státchiste agus Cúirt na bPléadálacha Comónta (''Common Pleas'' as [[Béarla]]). Ag druidim chun deiridh don naoú haois déag, leasaíodh córas na gcúirteanna agus tháinig cinn nua in áit na gcúirteanna áirithe seo, ach níor athraíodh ainm stairiúil an fhoirgnimh. Nuair a bhain an chuid is mó d'[[Éire|Éirinn]] amach an [[Rialtas Dúchais|rialtas dúchais]] mar [[Saorstát Éireann|Shaorstát]], tháinig athrú nua ar chóras na gcúirteanna. Cuireadh sean-Ard-Chúirt na hÉireann ar ceal agus tugadh bata agus bóthar do Thiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann agus do Thiarna Seansailéara na hÉireann. Ina n-áit sin, tháinig an Chúirt Uachtarach nua, agus an Príomh-Bhreitheamh i gceannas uirthi, chomh maith leis an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, agus Uachtarán na hArd-Chúirte i gceannas uirthi.
 
== Léirscrios an Fhoirgnimh sa Chogadh Cathartha ==
 
Bhí na Ceithre Cúirteanna i gcroílár na n-imeachtaí le linn [[Éirí Amach na Cásca]], agus arís eile sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]]. Le linn an Éirí Amach, ghabh an Chéad Chathlán an foirgneamh faoi chomandracht [[Éamonn Ó Dálaigh|Éamoinn Uí Dhálaigh]]. Tháinig an áit sách slán as an Éirí Amach, cé go ndearna gunnaí móra na nGall an-léirscrios sa phríomhchathair. Bhí an scéal i bhfad ní ba mheasa sa bhliain [[1922]], áfach, nó ba sna Cúirteanna seo a thosaigh Cogadh Cathartha, go bunúsach.